Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta – 2023
Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh sé leibhéal ar fáil (ag brath ar an éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.
Mar sin, más glan tosaitheoir, feabhasóir, nó cainteoir líofa thú ar mhian leo cleachtadh, cláraigh d’áit faoin Chéadaoin 18 Eanáir. Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar direach chuig do rang Dé Luain 23 Eanáir ó 7.15pm Beidh fearadh na fáilte romhat.
Beidh 10 seachtaine sa doú téarma.
23/01/23 – 3/04/23 (sos lártéarma Dé Luain 13 Feabhra)
Oidí:
Leibhéal 0 – Le cinntiú
Leibhéal 1a – Sharon Uí Chatháin
Leibhéal 1b – Amy Ní Dhocahrtaigh
Leibhéal 2 – Clár Ní Chnaimhsí
Leibhéal 3 – Siobhán Ní Dhoibhlin
Leibhéal 4 – Órfhlaith Ní Chearnaigh
Leibhéal 5 & 6 – Séamus Mac Conmidhe
Am: 7.30 – 9pm (gan sos)
Costas: £25 (Ráta lamhaltais: £20*)
Ní mór áiteanna a chur in áirithe faoin Chéadaoin 18 Eanáir. Ní cheadófar clárú ar an chéad oíche.
Leanann an cúrsa an téacsleabhar, Gaeilge Gan Stró. Beidh cóip den leabhar de dhíth i rith an cúrsa. Is féidir an leabhar a cheannach ar www.siopaancarn.com
Tabhair do d’aire – Beidh na ranganna ar siúl in An Carn, ach má tá athrú sa chomhairle ón rialtas maidir le Covid, bogfar na ranganna ar líne agus á soláthar trí zoom.
* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá thar 65 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lán aimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Naíscoil, Gaelscoil nó Gaelcholáiste Dhoire.