Fúinn

Cuireadh Coiste Forbartha Charn Tóchair ar bun ar an 8 Eanáir 1992 le tabhairt faoi na tionchair a bhí ag an imeallú eacnamaíoch, sóisialta agus tíreolaíoch, an dianú talmhaíochta agus an meath tuaithe trí na glúine.

I measc na dtionchar seo bhí míbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch, imirce agus eisimirce eacnamaíoch, creimeadh gnáthóg nádúrtha agus meath úsáid na Gaeilge mar theanga labhartha phobail.

An Carn Supporting Image

Cé go raibh pobal áitiúil láidir dlúth ann i gcónaí, ina raibh agus a bhfuil cumann beoga CLG, Sleacht Néill, i dtús na 1990í, dálta cuid mhór pobail tuaithe eile ar fud na hÉireann, bhí an ceantar ag meath, le líon teoranta tithe ar fáil, bánú na tuaithe, leibhéil ísle seirbhísí nó bonneagair pobail.

An Carn Supporting Image

Cuireadh an cumann pobail ar bun le cuidiú raon tionscnamh a chur i gcrích agus an aidhm acu daoine folláine, sona agus muiníneacha agus pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú.

  • Áit tharraingteach le cónaí inti agus fás suas ann, mar a mothaíonn ár ndaoine óga gur cuid thábhachtach di agus gur mhaith leo cónaí a dhéanamh ann go buan.
  • Ceantar mar a bhfuil tithíocht agus raon bonneagair seirbhíse pobail ar fáil do theaghlaigh óga.
  • Pobal atá bródúil as a gceantar, a gcomhshaol áitiúil agus a n-oidhreacht chultúrtha agus teanga.
  • Pobal dátheangach, ag imirt ról tábhachtach ag casadh thaoide an mheatha teanga lena theanga dúchais a chur ar ais i réim.
  • Pobal caoinfhulangach a dhearcann amach le féinmhuinín chomhchoiteann agus a chuireann fáilte roimh dhaoine eile.
  • Pobal atá ag soilsiú an bhealaigh do phobail eile ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin le theacht arís ar a gcuspóir agus ar a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach.