An Chomhshaol

Tá an cumann tiomanta don dá phrionsabal inbhuanaitheacht chomhshaoil agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú.

Chuige seo, tá tionscnaimh éagsúla maidir le fuinneamh in-athnuaite curtha chun cinn ag an chumann, lena n-áirítear tuirbín gaoithe faoi úinéireacht an phobail agus painéil ghréine fhótavoltacha, agus i gcomhpháirtíocht leis an Iontaobhas Coillearnaí, tá úinéireacht an phobail bainte amach ar Thearmann Dúlra Dhroim nDamh, iarsma 210 n-acra d’éiceachóras nádúrtha ilghnéitheach, micreacosma de thírdhreach ársa na hÉireann.

Inbhuanaitheacht chomhshaoil

Is fada pobail na tuaithe á gcáineadh as a bheith “neamh-inbhuanaithe” mar gheall ar a bheith ag brath barraíocht ar charranna agus leibhéil astúchán san earnáil talmhaíochta. Mar sin féin, tá féidearthacht mhór ag baint le ceantair thuaithe le cur cuid mhór le todhchaí inbhuanaithe a thógáil. Tá a lán deiseanna ann i bpobail tuaithe leis an inbhuanaitheacht a sheachadadh, e.g. plandáil crann le carbón a stóráil, deiseanna i dtaca le fuinneamh gaoithe, hidrileictreachas, táirgeadh bithmhais, táirgeadh fuinnimh gheoiteirmigh, agus trí dheiseanna níos mó turasóireachta intíre a spreagadh leis an taisteal thar lear a laghdú. Caithfear an fhéidearthacht a bhaint amach agus is féidir le pobail tuaithe cur go dearfach le hinbhuanaitheacht dhomhanda ach na deiseanna seo a uasmhéadú.

Tá forbairt samhla inbhuanaithe iontach tábhachtach le todhchaí ceantar tuaithe a shlánú, agus tá Carn Tóchair tiomanta inbhuanaitheacht chomhshaoil a sheachadadh don cheantar áitiúil. Tá an cumann cheana féin faoi nialas glan mar eagraíocht de thoradh ar a thionscnaimh um fhuinneamh in-athnuaite (gaoth agus grian) agus stóráil carbóin, agus tá sé ag pleanáil raon tionscnamh eile le hinbhuanaitheacht a chuid foirgneamh agus an mhórphobail a fheabhsú a thuilleadh, leis an aidhm dheireanach ár gceantar a bheith ina phobal nialais ghlain roimh spriocanna idirnáisiúnta 2035. Déanfar seo trí thionscadail chaomhnaithe fuinnimh a spreagadh sa cheantar áitiúil lena n-áirítear cheana féin plandáil crann, teicneolaíochtaí in-athnuaite a úsáid, saoire sa bhaile agus oideachas a chur go ginearálta ar an mhórphobal faoin inbhuanaitheacht.

An Carn Supporting Image

Ár mbithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú

Tá an cumann tiomnaithe do chaomhnú an dúlra agus bithéagsúlacht shaibhir an cheantair a fheabhsú go díreach agus trí dhaoine eile a spreagadh an rud céanna a dhéanamh.

Is é an tseoid is luachmhaire dár n-imeachtaí caomhnaithe dúlra Tearmann Dúlra Dhroim nDamh, iarsma de choill ársa Ghleann Con Cadhain agus Choill Íochtarach a chlúdaigh tráth timpeall 80 míle chearnógach tráth idir Loch nEachadh agus Sliabh Speirín. Ní bloc aonchineálach foraoise a bhí sa cheantar seo, ach gréasán saibhir de choillearnach, móinteán, aibhneacha agus réitigh choille a d’úsáidtí fá choinne innilte chomh maith le lonnaíochtaí ráthanna (a bhfuil trí cinn suite sa tearmann). Cé gur cailleadh cuid mhór d’fhoraoisí ollmhóra na hÉireann i dtús na meánaoiseanna, mhair an fhoraois ársa go dtí an seachtú haois déag a bhuí le cuid de na dlíthe cosanta comhshaoil is luaithe dá raibh san Eoraip, Dlíthe na mBreithiúna nó an Féineachas. Chuidigh na dlíthe an tírdhreach seo a chosaint ar feadh beagnach 1,500 bliain go dtí go ndearnadh dúshaothrú amach air le linn an tseachtú haois déag agus an ochtú haois déag. Tá an t-ádh orainn go bhfuil micreacosma againn den éiceachóras seo a bhí i réim tráth, ar míorúilt é gur mhair sé go dtí an lá atá inniu ann.

Is é saibhreas na hoidhreachta seo ilghnéitheacht shaibhir na ngnáthóg: coillearnach ársa, coillearnach leathnádúrtha, gnáthóga fáil sceiche, móinteán, eanach, talamh féaraigh ársa agus níos mó ná míle d’abhainn atá tábhachtach fá choinne sceitheadh bradáin agus a bhfuil diúilicíní fionnuisce inti. Maireann na gnáthóga seo go léir ar leithligh sa mhór-thírdhreach, ach is beag ceantar ar fad, má tá ceantar ar bith ann, ina bhfuil na gnáthóga seo idirghaolta agus idirnasctha chomh dlúth sin. Ligeann seo dár dtearmann tacú le héiceachóras i bhfad níos casta agus idirghaolta ná mar atá i dtírdhreach níos leithne an lae inniu. Ina leith seo is taisclann é an tearmann don éiceachóras chasta idirnasctha seo a d’fhéadfadh cuidiú an bhithéagsúlacht a chur ar ais i réim agus a neartú inár suíomhanna ‘oileánda’ éiceolaíocha i Lár Uladh.

Tá an t-éiceachóras ilghnéitheach seo á choinneáil an bealach céanna ar fhorbair sé, trí innilt chaomhnaithe shéasúrach ar dhéine íseal ar chodanna éagsúla an tearmainn. Tá feirm chaomhnaithe sa tearmann a choinníonn cothromaíocht íogair sa tearmann agus chomh maith leis sin úsáidtear feoil fhuílleach inár gcaifé pobail, An Croí.

Tá taifead saibhir béaloidis agus staire ann a bhaineann le Tearmann Dúlra Dhroim nDamh agus Gleann Con Cadhain, a mhaireann beirt sa traidisiún béil agus sa taifead scríofa. Is é Droim nDamh láthair scéil thábhachtaigh miotaseolaíochta, den chorpas chéanna is tá scéal Chlochán an Aifir, atá ina nasc áitiúil luachmhar le cnuasach ársa Eorpach oidhreachta béaloidis, scéalta na Fiannaíochta. Tugann na scéalta seo gné léargasach agus spéisiúil don oidhreacht áitiúil. Trínár n-imeachtaí agus gníomhaíochtaí pobail déanaimid na scéalta seo a cheiliúradh agus a thabhairt chun beatha le go mbainfidh gach glúin taitneamh astu.

Go stairiúil, bhí gréasán de chosáin trasna an tearmainn, agus tá daoine áitiúla á úsáid leis na céadta bliain le dul ar scoil, leis an bhaile mhór áitiúil a bhaint amach agus le cuairt a thabhairt ar bhailte fearainn in aice láimhe. Tá áit an-speisialta ag an tearmann sa traidisiún béil agus oidhreacht áitiúil. I seanchas níos deireanaí tá scoláire taistil, fear deaslámhach agus oibrí dar shloinne Mac Cartaine, arb eol dúinn gur chónaigh sé faoi cheann de na crainn mhóra darach sna coillte ar a dtugtar Dair Mhic Cartaine go fóill. Inár mbéaloideas ársa, scríbhinní dhlíthe na mBreithiúna, imeachtaí stairiúla taifeadta agus traidisiún béil tá aithris shaibhir ar Dhroim nDamh agus is cuidiú iad chun téamaí tábhachtacha oidhreachta an tionscadail seo a bheochan agus a chur in iúl.

Tá an cumann ag obair go gníomhach leis na héiceachórais sa tearmann a neartú agus le húinéirí talaimh áitiúla a spreagadh le bheith páirteach i bhfeabhsú na bithéagsúlachta sna ceantair máguaird trí eolas a chur chun cinn ar chaomhnú bithéagsúlachta agus ar fhaisnéis faoin raon dreasachtaí atá ar fáil d’úinéirí talaimh le bithéagsúlacht a chur chun cinn ar a dtailte.

Is féidir tuilleadh eolais ar ár n-obair chomhshaoil a fháil ach teagmháil a dhéanamh le eolas@ancarn.org.

An Carn Supporting Image