Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Is é An Croí -Teach Caife agus Bistro, an tionscadal fiontair shóisialta is deireanaí atá á chur chun cinn ag Coiste Forbartha Charn Tóchair, agus is féidir teacht air sa Charn. Osclaíodh doirse an Chroí i mí na Samhna 2018, le tacaíocht ón Chlár Forbartha Tuaithe, Comhairle Ceantair Lár Uladh agus an Ciste Infheistíochta Gaeilge.
Tá ráchairt mhór ag cuairteoirí agus muintir na háite araon ar an timpeallacht chompordach ghleoite, chomh maith le bia an-bhlasta.
Cuireann An Croí, teach caife agus bistro, seirbhís dhátheangach ar fáil do dhaoine ar mian leo Gaeilge a úsáid agus do dhaoine ar mian leo cúpla focal a úsáid agus iad ar cuairt. Mar sin buail isteach agus faigh blaiseadh den Chroí.
Bricfeasta, lón, tae agus caife, Luan go Sathairn. Bíonn oíche théama ann anois agus arís.
Amharc ar ár mbiachlár