Na hEalaíona

D’úsáid an cumann a fhréamhacha láidre sa phobal áitiúil le cuidiú leibhéal bhainteacht an phobail leis na healaíona agus a rannpháirtíocht insna healaíona a sheachadadh agus a mhéadú. Tá gníomhaíochtaí ealaíon fite fuaite sna tionscadail chomhshaoil, athmhuintearais, eacnamaíocha agus shóisialta atá á gcur chun cinn ag an chumann, agus tá gné shuntasach ealaíon i ngach tionscadal. Freastalaíonn an Coire, ionad ealaíon, ar phobal Charn Tóchair agus Mhachaire Rátha, agus níos faide i gcéin, le raon leathan gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha.
  • Tionscadal Ealaíon Charn Tóchair

    Ó 2014/2015 i leith, d’éirigh le Coiste Forbartha Charn Tóchair maoiniú a fháil ó Chomhairle Ealaíon TÉ agus ó Chomhairle Ceantair Lár Uladh le raon gníomhaíochtaí agus ócáidí ealaíon dátheangacha mar chuid de thionscadal ealaíon faoi leith le cuidiú na healaíona a bhunú agus a fhorbairt i gceantar Charn Tóchair.

    Tá an tionscadal anois ag baint amach lucht féachana agus éisteachta níos forleithne, agus le tionscadail san am a chuaigh thart cuireadh ar fáil lear mór deiseanna do shean agus óg ar gach leibhéal cumais go bhfaighidh siad eispéireas ar na healaíona ina lán foirmeacha, agus cuireadh ar fáil do chuid mhór ealaíontóirí agus taibheoirí timpeallacht uathúil lena scileanna ealaíonta a léiriú. Tá Coiste Forbartha Charn Tóchair anois bunaithe go daingean mar chomhpháirtí ealaíon agus forbartha cultútha ag Comhairle Ceantair Lár Uladh, agus aithnítear é mar phríomhsholáthraí ealaíon i gceantar na comhairle.

    Is muidne an t-aon soláthraí ealaíon agus cultútha i gceantar Chomhairle Lár Uladh a bhfuil tionscadal ealaíon iomlán dátheangach againn, ag díriú ar thábhacht gach cineál gníomhaíochta ealaíon agus cultúrtha.

    Go dí seo áirítear i measc na ngníomhaíochtaí rathúla:

    • Raon ealaíona scríofa, labhartha agus teanga, lena n-áirítear ceardlanna sa scéalaíocht, scríobh greannán, beochan, drámaíocht agus léiriú ceoil. D’oibrigh muid le daoine cosúil le Myra Zepf, Comhalta Scríbhneoireachta Thuaisceart Éireann do Pháistí, agus Beartla Ó Flatharta ó Ros na Rún, lena chinntiú go bhfaigheann ár rannpháirtithe an caighdeán is airde rannpháirtíochta i nGaeilge agus i mBéarla araon, rud nach bhfuil a leithéid eile ann i lár Uladh seachas inár gclár ealaíon.
    • Tá scoil cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh dhea-bhunaithe ann, mar a bhfreastalaíonn daoine óga ar scoil cheoil a mhaireann seachtain, le beirt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa cheantar, Liam Bradley ó Bheoga agus Fintan Mulholland ó Thaispeántas Damhsa na gCeilteach Clúiteach, ag foghlaim ceoil ó bhuíon cheoil faoi leith atá ar camchuairt agus a sheinneann leo ag deireadh an chúrsa. I measc buíonta ceoil roimhe seo bhí: Moxie, Máirtín O’Connor Trio, Goitse, Kíla agus The Paul McKenna Band. Is cineál ar leith ar fad ceardlainne í seo, an t-aon cheann dá leithéid in Éirinn.
    • Réimse ceardlanna amharcealaíne, lena n-áirítear ceardlanna ar Paverpol, feiltiú fliuch, péintéireacht chruthaitheach tírdhreacha agus gloine chumaiscthe, ag tabhairt na deise do rannpháirtithe foghlaim ó chuid de phríomhealaíontóirí na hÉireann.
    • Taispeántais go leor drámaíochta agus ghrinn a éascú ó ghrúpaí áitiúla agus grúpaí eile ar camchuairt, leithéid Grimes agus McKee, Pat Shortt, Kevin McAleer, Sole Purpose Productions, Kabosh Theatre Company, Aisteoirí Charn Tóchair agus Aisteoirí Ghreanacháin gan ach cuid acu a lua.
    • Ceolchoirmeacha ceoil míosúla a chur chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht ó ealaíontóirí áitiúla agus atá ag teacht chun cinn, le seisiúin cheoil ina ndiaidh do cheoltóirí uaillmhianacha a bheith ábalta a bheith i gcuideachta ceoltóirí gairmiúla a bhfuil taithí fhada acu.

    Is féidir teacht ar eolas ar na ceardlanna agus na hócáidí atá ag teacht aníos in An Nuacht is Déanaí agus A bhFuil ar Siúl ar an tsuíomh.

    Information on the upcoming workshops and events can be found in Latest News and What’s on section of the site.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ón oifigeach ealaíon, Claire Doherty, Claire.doherty@ancarn.org

    Fiosraigh Anois

    Enquire here

    Please fill in the form below

    Fiosraigh Anois
    Checkboxes

  • An Coire, Ionad Ealaíon

    ‘An Coire, ionad ealaíon Is é an Coire, ionad ealaíon, an lárionad ealaíon i gcroílár an phobail tuaithe i gCarn Tóchair.

    Is áit é don phobal teacht le chéile agus a fhéiniúlacht agus a léiriú cultútha a fhorbairt agus a bheachtú. Cuireann an Coire ar fáil fíormheascán d’áiseanna den scoith le spás a thabhairt do thaibheoirí áitiúla agus náisiúnta, an áit fhoirfe le rath agus bláth a bheith ar na healaíona. Fiosraigh anois

    Fiosraigh Anois

    Enquire here

    Please fill in the form below

    Fiosraigh Anois
    Checkboxes

    An Halla Mór

    Is ionad ilfheidhme é an Halla Mór ina bhfuil spás do raon leathan imeachtaí, ó cheolchoirmeacha beo go bainiseacha agus gach rud idir eatarthu. Tá suíocháin shrathacha in-aistarraingthe do suas le 200 duine, agus is féidir é a leagan amach fá choinne lónadóireacht do 150 ag táblaí.

    Is féidir an spás a fháil ar cíos do raon leathan imeachtaí: Taispeántais scannáin, léiriú físeáin, taispeántais agus tuilleadh. Tá caisleán preabach ann le fáil ar cíos do chóisirí agus imeachtaí eile.

    Fiosraigh Anois

    Enquire here

    Please fill in the form below

    Fiosraigh Anois
    Checkboxes

    An Carn Supporting Image
    An Stiúideo

    Is é an rud is deireanaí a cuireadh leis an Choire an stiúideo taifeadta fuaime agus físeáin. Tá bogearraí agus trealamh taifeadta agus físeáin is deireanaí sa stiúideo, an áit cheart le do chruthaitheacht a léiriú. Cuir do chuid amhrán ar taifead, nó déan físeán le cuidiú ó shainteicneoir.

    Seirbhísí atá ar fáil:

    • Taifeadadh/cruthú fuaime
    • Meascadh
    • Máistriú
    • Léiriúchán/eagarthóireacht físeáin
    • Beoshruthú
    • Taifeadadh ar an láthair
    • Fuaim bheo
    Fiosraigh Anois

    Enquire here

    Please fill in the form below

    Fiosraigh Anois
    Checkboxes

    An Carn Supporting Image
    Áiseanna eile

    Tá spás ar fáil sa Choire le fáil ar cíos fá choinne cóisirí, cruinnithe agus comhdhálacha chomh maith le seomra ealaíon agus ceardlann cheardaíochta.

    Fiosraigh Anois

    Enquire here

    Please fill in the form below

    Fiosraigh Anois
    Checkboxes

    An Carn Supporting Image