Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Sna luathlaethanta chuir an Ciste Oidhreachta maoiniú flaithiúil ar fáil fá choinne seacht gciliméadar de chosáin ar fud an tearmainn le hinrochtaineacht a fheabhsú do chách. Ó shin tá ráchairt mhór ar an tearmann ó chuairteoirí ar fud an domhain. Cuirimid ar fáil chomh maith deiseanna oideachais do ghrúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí comhshaoil le ham a chaitheamh ar an tearmann ag foghlaim faoin dúlra, caomhnú agus an béaloideas saibhir áitiúil.
Suite ar imeall Shliabh Speirín, tá éagsúlacht shaibhir gnáthóg sa tearmann, lena n-áirítear coillearnach ársa, bogach agus cluain, agus tá abhainn na Griollaí ar feadh a imill. Is dídean é don dúlra agus is cinnte go bhfaighidh tú spléachadh ar rud éigin speisialta le linn do chuairte.
Treoraíonn na cosáin siúil ghrádaithe thú tríd an tearmann dúlra mar a dtiocfaidh tú ar neart áiteanna le do scíste a ligean agus picnic a bheith agat. B’fhéidir go bhfeicfidh tú ár n-eallach de phór tearc a úsáidtear fá choinne innilt chaomhnaithe, agus ní bhíonn Puimpcín an mhuc i bhfad ar shiúl am ar bith. Tá cosáin nua foghlama againn a bheas ag oscailt in 2021, mar a mbeidh páistí ábalta foghlaim faoi sheanscéalta agus béaloideas an cheantair seo.
Cibé acu a chaithfeas tú uair an chloig nó an lá ar fad, tá neart le tairiscint ag an tseoid seo i bhfolach. Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin le tuilleadh a fhoghlaim faoin áit speisialta seo.
Le tuilleadh eolais a fháil tabhairt cuairt ar www.drumnaph.org nó déan teagmháil le Kelley Hann, bainisteoir an tearmainn.