AccessNI

Mar chuid den phróiseas riachtanas fá choinne ról ina bhfuil spéis léirithe agat, caithfear seiceáil a dhéanamh ar thaifead coiriúlachta. I dTuaisceart Éireann is é Access NI a dhéanann seo i ndiaidh dóibh iarratas bailí a fháil. Eiseofar deimhniú nochtaithe ag deireadh an phróisis, ina bhfuil taifead coiriúil agus faisnéis ábhartha eile.

Sula gcomhlánóidh tú iarratas léigh cód cleachtais Access NI, https://www.nidirect.gov.uk/publications/accessni-code-practice. Má tá cóip chrua de dhíth ort déan teagmháil le Colette ar 028 79549978eolas@ancarn.org.

Léigh na treoracha go léir

  1. Cruthaigh cuntas ag https://www.nidirect.gov.uk/services/apply-online-enhanced-check-through-registered-body. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal.
  2. Cuirfidh Access NI ríomhphost fíoraithe chugat. Cliceáil ar an nasc atá sa ríomhphost agus tabharfar ar ais thú chuig suíomh gréasáin Access NI, nó úsáid an nasc thuas arís.
    Más gá duit mar gheall ar do phost nó d’obair dheonach a bheith ag obair le páistí nó aosaigh leochaileacha, caithfidh tú nochtadh breisithe a chomhlánú.
  3. Beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort le d’iarratas a chomhlánú:
  • An cód UAP 933378 nó ceann a thugann an duine a labhair leat sa Charn
  • Do sheoladh nó seoltaí sna cúig bliana deireanacha
  • D’uimhir árachais náisiúnta
  • Uimhir do cheadúnais tiomána agus do phas (má tá na doiciméid seo agat)
  1. Cuir isteach do sonraí pearsanta de réir mar is gá ar an fhoirm agus cuir isteach chuig Access NI í. Cuir isteach gach céadainm mar atá siad ar do theastas beireatais
  2. Cuirfidh Access NI ansin in iúl don Charn faoin iarratas a chuir tú isteach.
  3. Déan teagmháil leis an Charn ag 028 79549978 le ham atá fóirsteanach duit a shocrú teacht le d’aitheantas, a mbeidh orainn a fhótachóipeáil. Tabhair bunchóipeanna leat le do thoil. Caithfidh tú trí chineál éagsúla aitheantais leat, ceann amháin ó ghrúpa a haon agus beirt ó ghrúpa a dó, féach an liosta thíos.
  4. Cosnaíonn iarratas breisithe £33 móide £7 de tháille riaracháin, £40 san iomlán, d’fhostaí, nó £7 de tháille riaracháin amháin do shaorálaithe. Cosnaíonn iarratas caighdeánach £18 móid £7 de tháille riaracháin, £25 san iomlán. Tá gach táille le híoc leis an Charn.

Fógra príobháideachais

Lena fháil amach cad é mar a láimhseálfar faisnéis phearsanta a chuirfidh tú chuig Access NI agus tú ag úsáid na seirbhíse seo, téigh chuig https://www.justice-ni.gov.uk/publications/ani-privacy

An Carn Supporting Image