Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht reachtúil a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán uile na hÉireann, ar an dara lá de mhí na Nollag 1999. Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge chomh maith leis na tionscadail tacaíochta a chuireann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugann siad do ghrúpaí agus do chomhlachtaí ar fud oileán na hÉireann.
Tá Ciste Infheistíochta na Gaeilge freagrach as ciste nuálach a sheachadadh a chuireann maoiniú ar fáil do thionscadail chaipitil agus d’oibreacha caipitil a bhfuil géarghá leo ag grúpaí le maoiniú ó fhoinsí eile a uasmhéadú. Mar sin, imríonn sé ról ríthábhachtach i bhfás leanúnach na Gaeilge ar fud an tuaiscirt.
Aithníonn lucht rialtais agus comhlachtaí maoinithe eile i dtuaisceart na hÉireann Ciste Infheistíochta na Gaeilge mar mhaoinitheoir a bhfuil tionchar aige agus atá réamhghníomhach. Tá caidrimh oibre ar dóigh curtha ar bun acu leis na mórmhaoinitheoirí eile seo agus is minic a lorgaítear ár dtacaíocht nuair atá cinntí maoinithe le déanamh.
Cuireann Comhairle Ceantair Lár Uladh maoiniú ar fáil do Choiste Forbartha Charn Tóchair i raon réimsí lena n-áirítear an Ghaeilge, Cultúr agus na hEalaíona.
Is í Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann an ghníomhaireacht forbartha agus mhaoinithe do na healaíona i dTuaisceart Éireann.
Dáileann siad airgead poiblí agus cistí an Chrannchuir Náisiúnta le raon leathan tionscadal, imeachtaí agus tionscnamh ealaíon a fhorbairt agus a sheachadadh ar fud Thuaisceart Éireann.
Is é Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta an maoinitheoir is mó oidhreachta sa RA. Creideann siad go dtugann sé daoine le chéile nuair a thuigtear ár gcultúr, nuair a léirítear meas air agus nuair a chomhroinntear é, go spreagann sé mórtas pobail agus go gcuireann sé borradh faoin infheistíocht i ngeilleagair áitiúla.
Is é Conradh na Gaeilge an fóram daonlathach do phobal na Gaeilge. Tá 200 craobh agus a lán ball cláraithe ar fud an domhain ag Conradh na Gaeilge, baill a oibríonn go crua le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Is é príomhaidhm Chonradh na Gaeilge úsáid na Gaeilge a chur chun cinn mar an teanga chaighdeánach in Éirinn.