Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
An Ghaeilge
Le bheith ábalta ár n-aidhmeanna a bhaint amach tá clár leathan imeachtaí curtha le chéile le riar ar riachtanais an phobail. Tá gach iarracht déanta le riar ar riachtanais gach cumais, ó bhuntosaitheoirí go cainteoirí líofa Gaeilge agus chomh maith leis sin ag gach aoisghrúpa ón leanbh is óige go dtí na daoine fásta is sine.
Déanann an cumann pobail na cúrsaí agus na gníomhaíochtaí seo a leanas a sheachadadh i rith na bliana:
Más mian leat tuilleadh eolais, déan teagmháil le hOifigeach Forbartha Gaeilge, Leonne Ní Loinsigh – leonne.niloinsigh@ancarn.org
Craobh Charn Tóchair de Chonradh na Gaeilge
Ag dul siar corradh is 120 bliain bhí craobh de Chonradh na Gaeilge i gCarn Tóchair, nuair ba í an Ghaeilge teanga bheo an phobail. Cé nár mhair an teanga mar theanga labhartha an phobail i rith an fhichiú haois, bhí spéis sa teanga i gcónaí ann agus nuair a cuireadh Naíscoil Charn Tóchair ar bun in 1992, thosaigh an ghluaiseacht leis an teanga labhartha a athbheochan, á tabhairt ar ais don phobal ón bhun aníos.
Tá dul chun cinn mór ann ó shin agus anois tá soláthar trí mheán na Gaeilge ann ag leibhéal réamhscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile sa cheantar, agus tá a lán ceantar eile ar fud an chontae i ndiaidh toiseacht amach ar an aistear chéanna.
Ceann dár bpríomhaidhmeanna is ea athréimniú na Gaeilge mar theanga labhartha an phobail agus mar theanga theaghlaigh, agus raon ábhair thacaíochta agus imeachtaí leis an phróiseas seo a éascú.
Éachtaí
Óige
Cuireann Óige Charn Tóchair ar fáil clubanna óige agus iarscoile ar fáil, chomh maith le scéim samhraidh dhátheangach bhliantúil agus turais i rith na bliana. Chomh maith le himeachtaí seachtainiúla, cuireann Óige Charn Tóchair ar fáil dá bhaill club reatha rialta agus rochtain ar ghníomhaíochtaí eile, a bhfuil treodóireacht, boghdóireacht agus scoil foraoise ina measc.
Cé go bhfuil sí tábhachtach do gach páiste, tá tábhacht sa bhreis ag baint leis an obair óige do pháistí atá ag freastal ar Ghaelscolaíocht nó bheir sí deis a dteanga a úsáid i dtimpeallacht shóisialta taobh amuigh den tseomra ranga. Chomh maith le Gaeloideachas agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa bhaile, tá an obair óige ar na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann le forbairt teanga páistí. Tá cruthaithe arís agus arís eile go dtugann an obair óige do dhaoine óga an deis muinín agus féinmhuinín a thógáil i dtimpeallacht chothaitheach.
“Tá an t-oideachas neamhfhoirmiúil i bhfoirm na hoibre óige ina pháirt thábhachtach den oideachas nó spreagann sé rannpháirtíocht páistí agus daoine óga lena scileanna pearsanta agus sóisialta a fhorbairt, á spreagadh a bheith páirteach agus athpháirteach i bhfoghlaim dhearfach i suíomh neamhfhoirmiúil.”
(Tosaíochtaí don Óige, An Roinn Oideachais, 2013)
Oibríonn Óige Charn Tóchair go dlúth le príomhpháirtithe go háitiúil chomh maith le heagraíochtaí rialtais agus neamhrialtais leis an tsoláthar óige is fearr agus is féidir a chur ar fáil dár ndaoine óga. Leanaimid an cleachtas is fearr agus coinnímid oiliúint ar ardchaighdeán dár gceannairí agus is ábhar mórtais dúinn ár straitéisí faoi stiúir daoine óga lena chinntiú gur féidir linn na deiseanna a chur ar fáil dár ndaoine óga le scileanna nua a shealbhú agus le caidrimh bhuana bhríocha a chruthú taobh istigh dá bpobal.
Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an oifigeach óige, Aoife Ní Chaiside aoife.nichaiside@ancarn.org
Líonra
Beidh Foras na Gaeilge ag riar na scéime, agus táthar ag súil leis go dtoiseoidh sí go hoifigiúil in 2021.