Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Baile > Beartas Fianán
Is é is fianán ann comhad beag a chuirtear ar thiomántán crua do ríomhaire. Cuireann sé ar a chumas dár suíomh gréasáin do ríomhaire a shainaithint agus tú ag amharc ar leathanaigh éagsúla dár suíomh gréasáin.
Ligeann fianáin do shuíomhanna gréasáin agus d’fheidhmchláir do shainroghanna a stóráil le hinneachar, roghanna nó feidhmeanna atá sonrach duitse a chur i do láthair. Cuireann siad ar ár gcumas dúinne chomh maith faisnéis a fheiceáil, leithéid an líon daoine a úsáideann an suíomh gréasáin agus na leathanaigh a dtugann siad cuairt orthu de ghnáth.
Féadfaidh muid fianáin a úsáid:
Le hanailís a dhéanamh ar ár dtrácht gréasáin, ag úsáid pacáiste anailísíochta. Cuidíonn sonraí úsáide comhiomlána linn struchtúr, dearadh, inneachar agus feidhmeanna an tsuímh gréasáin a fheabhsú.
A shainaithint an bhfuil tú sínithe isteach ar ár suíomh gréasáin. Ligeann fianán dúinn a sheiceáil an bhfuil tú sínithe isteach ar an tsuíomh.
Inneachar a thástáil ar ár suíomh gréasáin. Mar shampla, féadfaidh 50% dár n-úsáideoirí píosa amháin inneachair a fheiceáil, agus féadfaidh an 50% eile píosa difriúil inneachair a fheiceáil.
Faisnéis faoi do shainroghanna a stóráil. Is féidir leis an tsuíomh gréasáin ansin faisnéis a chur i do láthair a bheidh níos ábhartha agus spéisiúla duit.
Lena aithint cén uair a philleann tú ar ár suíomh gréasáin. Féadfaimid d’inneachar ábhartha a thaispeáint, nó feidhmiúlacht a d’úsáid tú roimhe a chur ar fáil.
Ní thugann fianáin dúinn rochtain ar do ríomhaire nó ar aon fhianaise fút, seachas an méid a roghnaíonn tú a chomhroinnt linn.
Is féidir leat socruithe fianán do bhrabhsálaí gréasáin a úsáid lena shocrú cad é mar úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin. Mura bhfuil tú ag iarraidh go stórálfaidh ár suíomh gréasáin fianáin ar do ríomhaire nó gléas, ba cheart duit do bhrabhsálaí gréasáin a shocrú le fianáin a dhiúltú.
Ach tabhair faoi deara le do thoil, má dhéanann tú seo b’fhéidir go n-imreofar tionchar ar fheidhmeanna ár suímh gréasáin. B’fhéidir nach mbeidh roinnt leathanach agus seirbhísí ar fáil duit.
Ach gurb é gur athraigh tú do bhrabhsálaí le fianáin a dhiúltú, eiseoidh ár suíomh gréasáin fianáin nuair a thugann tú cuairt air.
Le tuilleadh a fhoghlaim faoi fhianáin agus an dóigh a n-úsáidtear iad, téigh go dtí Maidir le Fianáin.