Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Bhunaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair an Siopa an Carn ar dtús i mí Eanáir 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí ar fud na hÉireann a chur chun cinn, agus tá sé anois ina ghnó rathúil ann féin.
Tá meas leitheadach ar Shiopa An Carn mar shiopa bronntanas cáiréiseach a dhíríonn ar earraí ceardaíochta agus bronntanais Éireannacha chomhaimseartha. Is féidir cuid dár dtáirgí a phearsantú, mar sin is cinnte go dtiocfaidh tú ar an bhronntanas fhoirfe.
Tá lear mór leabhar in Siopa An Carn, i nGaeilge agus i mBéarla, cártaí beannachta dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar teagaisc, bronntanais Ghaeilge agus a lán eile. Cé go bhfuil an siopa féin oscailte seacht lá na seachtaine, thig leat orduithe a dhéanamh ar líne chomh maith ónár suíomh gréasáin – www.siopaancarn.com
Uaireanta Oscailtes: Luan go hAoine 9.30 a.m. – 5 p.m., Satharn 9.30 a.m. – 4 p.m., Domhnach 10 a.m. – 4 p.m.