Fócasghrúpa

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Fócasghrúpa

ÁBHAR / SUBJECT: Áit an teaghlaigh i straitéis na Gaeilge: Cad iad na riachtanais?

Sraith fócasghrúpaí

DÁTAÍ: 6-9 /06/2022

 

Tá sraith fócasghrúpaí á reáchtáil ag Glór na nGael do theaghlaigh sna sé chontae idir an 6-9 Meitheamh.

Tá na fócasghrúpaí á n-eagrú ar son na Roinne Pobal, atá ag ullmhú straitéis don Ghaeilge faoi na coimitmintí a éiríonn as an cháipéis New Decade New Approach.

 

Is ag plé áit an teaghlaigh i straitéis na Gaeilge a bheas muid, le feiceáil cad iad na riachtanais atá ag teaghlaigh. Ba bhreá linn dá mbeadh teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach linn le go gcloisfear a gcuid riachtanais siúd i dtaobh straitéis na Gaeilge.

Is spás fáilteach, gan breith, a bheas ann agus beidh éascaitheoir i láthair leis an phlé a stiúradh.

Is cuid den phróiseas comhdhearaidh é an t-aiseolas seo ó thuismitheoirí agus cuideoidh sé le straitéis Ghaeilge a fhorbairt. Léireofar meas ar thuairimí gach aon duine agus coinneofar faoi rún gach aon rud a deirtear i rith an phlé. Tá seisiún ar fáil ar líne chomh maith ar Zoom dóibh siúd nach féidir freastal ar na seisiúin aghaidh-ar-aghaidh.

Luan, 6 Meitheamh 19.00: Ionad an Carn, Carn Tóchair, Doire

Máirt, 7 Meitheamh 19.40: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste

Céadaoin, 8 Meitheamh 19.40: Ar líne ar Zoom

Déardaoin, 9 Meitheamh 19.00: Dún Uladh, An Ómaigh

 

Beidh lán fháilte roimh thuismitheoirí ar bith le tuairimí s’acu a roinnt Is féidir clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig ceithleann@glornangael.ie (Béal Feirste & ar líne) nó sinead@glornangael.ie (Carn Tóchair agus an Ómaigh)

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar +44 (0)79 2734 9174 nó +353 (0)83 449 7443.

 

Dáta

Meith 06 2022
Expired!

Am

7:00 pm - 9:00 pm

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org
Catagóir
QR Code