Ceardlann Déanta Stóil do Thuismitheoirí agus do Pháistí

Decorative

Ceardlann Déanta Stóil do Thuismitheoirí agus do Pháistí

Le linn na ceardlainne aon lae seo beidh tú féin agus do pháiste ag obair le chéile le stól tuathúil a dhéanamh is féidir úsáid mar bhall trioc i do theach féin. Bhéarfaidh na scileanna a fhoghlaimeofar le linn na ceardlainne cumas agus muinín do do pháiste, trí ligean daofa úsáid a bhaint as uirlísí adhmadóireachta le saothar lámhdhéanta a chruthú a bheadh, go minic, thar ar a n-acmhainn.

Is fearr a fhóireann an cheardlann seo do pháistí idir bliain déag agus sé bliana déag, agus caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir a bheith ina gcuideachta atá sásta a bheith ag obair lena bpáiste le hearra speisialta teaghlaigh a chruthú.

Le linn an lae beidh tú féin agus do pháiste ag baint úsáide as uirlisí láimhe géara agus thig le cuid den obair a bheith measartha trom, mar sin de bí cinnte go bhfuil do pháiste sásta tabhairt faoin dúshlán.

Níl taithí ar bith riachtanach. Mar gheall ar uirlisí géara a bheith in úsáid le linn an ranga ba cheart buataisí nó bróga láidre a chaitheamh.

 

Dáta: Dé Sathairn an 26 Márta 2022
Am: 10r.n. – 5.30i.n.
Éascaitheoir: Green Woodwork Ireland
Láthair: Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Costas: £65

Dáta

Már 26 2022
Expired!

Am

10:00 am - 5:30 pm

Láthair

Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Tearmann Dúlra Dhroim nDamh, 15 Bóthar Leath Chiana, BT46 5PB
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org
QR Code