Leabharlann Phobail An Carn

Tá lúchair orainn Leabharlann Phobail An Carn a athsheoldh I ndiaidh infheistíocht suntasach a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge, córas bainistíochta leabharlainne a chur isteach agus na leabhair ar fad a rangú, is féidir linn cuirí a thabhairt dár gcomhphobal clárú leis an leabharlann.
Tá na leabhair do pháistí scartha de réir aoisghrúpa agus dáthanna éagsúla orthu, le cuidiú le tuismitheoirí leabhair a aimsiú atá fóirsteanach dá bpáiste / bpáistí.
As siocair go bhfuil méid áirithe leabhair neamh-fhicseán le bheith curtha ar an chóras leictreonach go fóill, beidh deis ann do dhaoine fásta le clarú ag pointe níos déanaí, nuair a bheas seo críochnaithe.

Leis an tionscadal seo cuirimid fáilte roimh dhaoine am a thabhairt dúinn le cuidiú linn ár seirbhísí leabharlainne a sholáthair.

San áireamh ar seo, ná leabhair a seiceáil isteach is amach ag seisiúin oscailte éagsúla agus / nó leabhair a shortáil agus a chur ar ais ar na seilfeanna.

Léigh Cairt na Leabharlainne thíos:

Cairt an leabharlainne

Iarraimid ar thuismitheoirí:
– Cuidiú leis na páistí aire a thabhairt ar na leabhair.
– Labhairt le do pháistí faoin scéal, na carachtair, na rudaí a thaitin nó nár thaitin leo faoin scéal.
– Is féidir le gach ball leabhar amháin an duine a ghlacadh ar iasacht ar feadh coicíse
Tríd an fhoirm seo a chomhlíonadh agus bhur gcuid sonraí teagmhálacha a chur ar fáil, tugann tú cead dúinn (An Carn) meabhrúchán a sheoladh chugat mura dtabharfar leabhair ar ais laistigh den tréimhse iasachta.
Contact Us
Checkboxes