Ranganna Gaeilge
Ranganna Gaeilge
Beidh laghdú i líon na ranganna Gaeilge a bheas ar fáil sa triú téarma seo. Beidh sraith 5 seachtaine de ranganna Gaeilge.
Beidh an bunrang (Leibhéal 0 le Gráínne) ag leanúint chomh maith leis an mheánrang (Leibhéal 3 le Siobhán) agus beidh na leabhair Gaeilge Gan Stró in úsáid acu.
Beidh rang eile ar fáil chomh maith, a bheas a sholáthair ag Séamus. Beidh an rang seo dírithe ar chomhrá agus athbhreithniú ar an ábhair foghlamtha níos luaithe sa bhliain sna téarmaí 1 & 2. Is é bunrang / meánrang leibhéal an ranga seo, agus fóirsteanach do dhaoine a bhfuil Leibhéal 1 bainte amach acu nó níos airde.
Cuirfear na ranganna ar fáil ach amháin má tá éileamh ann dóibh.
Dátaí: Dé Luain 17 Aibreán, 24 Aibreán, 8 Bealtaine, 15 Bealtaine & 22 Bealtaine.
AM: 7:30pm – 9.00pm
Láthair: An Carn
Costas: £20
Níl an cúrsa seo fóirsteanach do ghlantosaitheoirí, daoine gan Ghaeilge ar bith.
Ní mór áiteanna a chur in áirithe roimh meánlae Dé Luain 17 Aibreán.