Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta – Fómhar 2022

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta – Fómhar 2022

Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh sé leibhéal ar fáil (ag brath ar an éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.

Mar sin, más glantosaitheoir, feabhasaitheoir nó cainteoir líofa thú atá ag iarraidh cleachtadh, cláraigh d’áit faoi Dé Céadaoin 14 Meán Fómhair. Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar go díeach chuig do rang Dé Luain an 19ú lá Meán Fómhair ó 7.15pm. Beidh fearadh na fáilte romhat.

Beidh 12 seachtaine sa chéad téarma.

19/9/22 – 12/12/22 (seachtain saor don tSamhain 31/10/2022)

Oidí:

Leibhéal 1 – Sharon Uí Chatháin

Leibhéal 2 – Clár Ní Chnaimhsí

Leibhéal 3 – Siobhán Ní Dhoibhlin

Leibhéal 4 – Órfhlaith Ní Chearnaigh

Leibhéal 5 – Séamus Mac Conmidhe

Leibhéal 6 – Amy Ní Dhocahrtaigh

Am: 7.30 – 9pm (gan sos)

Costas: £25 (Ráta lamhaltais: £20*)

Ní mór áiteanna a bheith curtha in áirithe faoin Dé Céadaoin an 14ú lá Meán Fómhair – Ní bheith cead clárú ar an chéad oíche.

 

Leanann an cúrsa an téacsleabhar, Gaeilge Gan Stró. Beidh cóip den leabhar de dhíth i rith an cúrsa. Is féidir an leabhar a cheannach ar www.siopaancarn.com

 

Tabhair do d’aire – Beidh na ranganna ar siúl in An Carn, ach má tá athrú sa chomhairle ón rialtas maidir le Covid, bogfar na ranganna ar líne agus á soláthar trí zoom.

 

* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá thar 65 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lán aimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Naíscoil, Gaelscoil nó Gaelcholáiste Dhoire.

Dáta

M. Fómh 19 2022
Expired!

Am

7:30 pm - 9:00 pm

Costas

£25.00

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org
Catagóir

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code