Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Beidh sé leibhéal ann (ag brath ar éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.
Mar sin, más glantosaitheoir, feabhsaitheóir nó cainteoir líofa thú ar mhaith leo cleachtadh, cláraigh d’áit ar líne www.ancarn.org
Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar díreach chuig do rang Dé Luain 31 Eanáir ó 7.15pm. Beidh fearadh na fáilte romhat.
Mairfidh an teárma seo 10 seachtaine
31/01/22 – 11/04/22 (sos 14/02/2022)
Oidí:
Leibhéal 0 – Clár Ní Chnaimhsí (glantosaitheoirí)
Leibhéal 1 – Barra Glas
Leibhéal 2 – Siobhán Ní Dhoibhlin
Leibhéal 3 – Órfhlaith Ní Chearnaigh
Leibhéal 4 – Éiméid Ó Raifeartaigh
Leibhéal 5 – Amy Ní Dhocahrtaigh
Am: 7.30 – 9pm (gan sos)
Costas: £20 (Lacáiste: £15*)
Ní mór áiteanna a chur in áirithe faoi Dé Céadaoin 12 Eanáir – Ní bheidh cead clárú ar an chéad oíche.
Leanann an cúrsa an téacsleabhar, Gaeilge Gan Stró. Beidh cóip den leabhar de dhíth i rith an cúrsa. Is féidir an leabhar a cheannach ar www.siopaancarn.com
Tabhair faoi deara – beidh na ranganna ar siúl in An Carn, ach má thagann athrú sna treoirlínte ón rialtas maidir le Covid 19, nó má ta dianghlasáil eile curtha i bhfeidhm, beidh na ranganna ag bogadh ar líne agus a soláthair trí zúm.
* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá os cionn 65 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lánaimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Naíscoil, Gaelscoil nó Gaelcholáiste Dhoire.