Gloine Chomhleáite do Dhaoine Fásta – Laindéir
Gloine Chomhleáite do Dhaoine Fásta – Laindéir
le Natasha Duddy
Seo deis iontach le píosa álainn a chruthú is féidir a úsáid sna tráthnónta dorcha sa bhaile. Roghnaigh inspioráid as na samplaí galánta ar théama bláthanna nó cladaigh. Foghlaim an dóigh le patrún leanúnach a dhearadh le dul thart ar 4 thaobh an laindéir, agus an dearadh agus próiseas roghnaithe dathanna a thabharfaidh an rogha is fearr duit le do phíosa speisialta a chruthú. Cuirfidh an t-oiliúnóir na hábhair ar fad, an laindéar san áireamh, ar fáil agus tabharfar ar ais iad suas le 10 lá níos moille. Níl taithí ar bith de dhíth. Ní mór bróga neamhoscailte a chaitheamh ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht. .
Dé Sathairn 10 Nollaig
Am: 10am – 1.30pm
Ionad: An Coire Arts Centre