Fergal Scahill & Ryan Molloy – Beo
I dtimpeallachtaí áille an fhómhair in oirthear an Chláir, shuí muid i seomra suí Fhergal agus Ruth agus thaifead muid an ceol ar an albam seo in aon lá amháin. Lá lán de chraic, clocha sneachta, boghanna báistí, go leor cupáin caife a bhí ann, agus roinnt foinn a scríobhadh go gasta. B’fhéidir gur cliché atá ann ach tá súil againn go mbainfidh tú an oiread sult as agus a rinne muidne.
Am: Ceol ó 8pm (Bia 7-8pm)
Ionad: An Coire – Ionad Ealaíon
Bí linn in An Coire fá choinne ceol beo agus bia
blasta ó Theach Caife An Croí
Ticéid: £10 (ceolchoirm amháin)
£17.50 (ceolchoirm & buifé te)
£5 (U16 – buifé amháin – ceolchoirm saor
in aisce)
Tabhair do bhuidéal féin leat