Feis Charn Tóchair 2022

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Feis Charn Tóchair 2022

Ceiliúradh ar chultúr agus athbheochan na Gaeilge i gCo. Dhoire.

Is imeacht teaghlaigh speisialta í, Feis Charn Tóchair atá mar bhuaicphointe na bliana i bpobal na Gaeilge. Le linn na Feise, bíonn deis ag an t-aos óg ó Charn Tóchair agus an ceantair máguaird, a scileanna labhartha na Gaeilge agus buanna eile a léiriú. Is deis iontach í do thuismitheoirí, á bpáiste a fheiceáil agus a chloisteáil ag labhairt i nGaeilge chomh maith le pobal na Gaeilge ina bhfuil siad páirte de a mhothú.

Tá réimse leathán comórtais fóirsteanach do gach leibhéal, Naíscoil, Gaelscoil, Bunscoil Béarla, Meánscoil Béarla agus Gaelcholáiste san áireamh.

Is iad na comórtais, Aithrisfilíochta, Comhrá, Scoláireacht, Fáinne, Ealaín, Scríbhneoireacht, Amhránaíocht Thraidisiúnta, Comórtas Ceol Traidisiúnta.

Beidh an Feis ar siúl Dé Sathairn 14 Bealtaine 2022.

áfach ní mór gach iontráil chuig an Fheis a bheith curtha isteach faoi Dhéardaoin 28ú Aibreán.

Seo le deis a thabhairt an clár ama fá choinne Lá na Feise a dhearadh.

Beidh clár ama na feise seolta chuig gach iontrálaí trí r-phost. Beidh cóip crua le fáil le báiliú ar iarratas.

Eagraithe ag: Conradh na Gaeilge Charn Tóchair

 

Léigh na rialacha agus treorlínte do gach comórtas ar an nasc ar lean, le do thoil:

Rialacha & Treoirlínte FCT’22

Aithrisfilíochta: De ghnáth, bíonn na dánta a theagasc ag múinteoirí do pháistí sa tseomra ranga sna seachtainí roimh na feise, áfach anois tá taifeadtaí agus físeáin de na dánta ar fáil ar ár gcainéal You Tube. Feis Charn Tóchair – YouTube Déan cinnte le múinteoir do pháiste, cén dán a mbeidh rang do pháiste ag foghlaim. Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, le haghaidh liosta iomlán na ndánta don chatagóir atá de dhíth.

Rogha na nDánta do Bhunscoileanna Béarla

Rogha na nDánta do Ghaelscoileanna

Rogha na nDánta do Mheánscoileanna

 

Leagan amachan chomórtas agus liosta ceisteanna COMÓRTAS AN FHÁINNE

 

Comórtas Ealaíne

Léigh an cuid nótaí den chaipéis Rialacha & Treoirlínte le haghaidh na riachtanas d’iontrálacha ealaíne:

Téamaí:

Naíscoil: Rogha Oscailte

Rang 1 – Rang 7 = Samhradh

Bliain 8 – Bliain 14 = An Áit is Fearr Liom

 

TREOIR MAIDIR LE ÁIRITHINTÍ:

IONTRÁIL ÁIRITHINT AR LEITH DO GACH PÁISTE, LE DO THOIL

Déan cinnte, ainm do pháiste a chur isteach chomh maith le cén scoil ina bhfuil siad agus cén rang.

Rognaigh na ticéid do na comórtais ar mhaith leo cuir isteach air.

Do na comórtais Ceoil, Fáinne agus Scoláireachta – is féidir roghniagh ó liosta, cén uirlis, cén fáinne nó cén comórtas sa bhreis ar mhaith leo cuir isteach air, ar an chéad lch eile.

Críochnaigh an t-idirbheart agus déan arís é má tá ort áirithint eile a dhéanamh do gach páiste eile.

Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Poetry Recital
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Conversation Competition
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Art
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Traditional Music
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Traditional Singing
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Fáinne Competition
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Writing Competition
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Writing Competition
Tá deireadh tagtha le díolacháin na dticéad don imeacht Scholarship Competition

Dáta

Beal 14 2022
Expired!

Costas

£2.50

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code