Slí na Sí

Tá rudaí draíochta i ndiaidh a bheith ag tarlú i nDroim nDamh!
An raibh tú ag siúl i nDroim nDamh le gairid? Is dóiche go bhfuil ár gcosán nua sióg, Slí na Sí, tugtha faoi deara agat.
Ní sheolfar go hoifigiúil go dtí an t-earrach é, ach ba mhaith linn réamhspléachadh a thabhairt duit idir seo agus an Nollaig ar na neacha draíochta atá tagtha a chur fúthu ag Loch Bran.
Chan ionann an Slua Sí agus na siogaithe a bhfuil eiteoga acu a bhfuil tú eolach orthu, b’fhéidir, ó leabharthaí scéalaíochta. Bíonn siad i gcruthanna agus ar mhéideanna éagsúla agus thig leo a bheith iontach dalba, mar sin tabhair aire.
Seo leat agus foghlaim fá charachtair éagsúla ónár seanscéalta Gaelacha agus siúil leat ar Shlí na Sí.
DecorativeDecorativeDecorative
Decorative