Cuairt Aire Stáit na Gaeltachta ar Charn Tóchair

Dé Máirt an 23ú Eanáir chuir Coiste Forbartha Charn Tóchair fáilte roimh Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, ar chuairt shuaithinseach chun an cheantair.

Ba san ionad pobail, atá neadaithe ag bun Shliabh Speirín, a rinneadh plé ar shaincheisteanna ríthábhachtacha teanga is cás don phobal. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go n-aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le tionscnaimh ag leibhéal an phobail aníos, agus go bhfuil sé tiomanta na dúshláin agus deiseanna ar leith a chastar ar phobail tuaithe gach lá a thuigbheáil.

Thoisigh an chuairt le fáilte chroíúil ó ionadaithe den phobal agus ba é an chéad mhír ar an chlár ná turas ar na háiseanna pobail, mar a raibh deis ag an aire a bheith ag caint leis an aos óg agus chonaic sé lena shúile cinn an tionchar dearfach a bíos ag tionscadail a chuireann an pobal chun cinn.

Buaicphointe den chuairt ba ea dreas comhphlé, nuair a bhí comhrá ag an Aire agus ag Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, le hionadaithe pobail. Deis a bhí sa láthair oscailte seo le léargais a chomhroinnt, smaointe a mhalartú, agus tabhairt faoi ábhair imní atá lárnach sa phróiseas pleanála teanga atá ar siúl sa cheantar.

Arsa ionadaí pobail a bhí i láthair, “agus sinn ar an aon phobal tuaithe amháin taobh amuigh den Ghaeltacht ag a bhfuil aitheantas oifigiúil mar Líonra Gaeilge, fáiltímid roimh chuairt an aire agus a raibh le rá aige. Tá ár bplean teanga sa dara bliain dó agus i mbliana tá muid ag díriú cuid mhór ar thuigbheáil níos fearr ar cad é atá i gceist don phobal Gaeilge áitiúil a bheith páirteach i dtionscadal a bhfuil an oiread sin tábhachta náisiúnta ag baint leis, ach tá muid ag déanamh iarrachta chomh maith ligean daofa siúd atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil Gaeilge ar bith acu an ról iontach tábhachtach a imríonn siadsan a thuigbheáil, agus cad é mar a thig leo a bheith páirteach. Tá muid iontach bródúil as ár n-earnáil Gaeloideachais anseo go háitiúil ag leibhéal na naíscoile, na bunscoile agus na h-iar-bhunscoile, chomh maith lenár soláthar lán-Ghaeilge den scoith don óige dírithe ar ár bpobal Gaeilgeoirí óga, ach tá corradh is seachtó foghlaimeoirí fásta ann chomh maith a fhreastalaíonn ar ranganna seachtainiúla, na scórtha ag freastal go rialta ar chiorcal comhrá, lear imeachtaí aon uaire agus foireann ollmhór saorálaithe arb iad is cúis don rath a bhíonn ar na himeachtaí sin. Tá sé ar dóigh an t-aire a chluinstin ag aithint na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag achan duine anseo.”