Turas Staire Dátheangach – Lár Chathair Bhéal Feirste
Siúlóid staire le Fionntán de Brún i lár na Cathrach, Béal Feirste. Tugfar léargas dúinn ar stair na Gaeilge mar a bhaineann sé le lár na cathrach ar an tsiúlóid dhátheangach seo. Is díol spéise é gur chuir muintir Chontae Dhoire go mór leis an stair chéanna agus tabharfaidh Fionntán cuntas ar an ghné seo dár stair fosta. Tosóidh an tsiúlóid treoraithe ag 10:30am agus mairfidh sé thart ar 90 bomaite.
Áit chruinnithe: Áiseanna páircceála agus taistil Mhachaire Rátha
Ag imeacht: 9:15am
Costas: £10
