Taispeáint Scannáin: TRAD

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Taispeáint Scannáin: TRAD

This tour of Trad is brought to you by Collective, an initiative from Film Hub NI and Queen’s Film Theatre that brings the best of homegrown film directly to audiences.

Buaiteoir ‘Gradam an Lucht Féachana’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana, is ceiliúradh spraíúil ar an cheol thraidisiúnta é Trad atá scríofa agus stiúrtha ag Lance Daly (Kisses, Black ’47).

 

Tá lúcháir orainn go mbeidh an scannán Trad a thaispeáint in An Coire mar chuid den chlár ‘Fleadh at Queen’s’ a dhéanann ceiliúradh ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 ag teacht go Béal Feirste den chéad uair riamh, chomh maith le traidisiún saibhir ceoil agus oidhreachta na hÉireann.

Óna mbaile dúchais i nGaeltacht Dhún na nGall,téann fidléir cumasach, Shóna McAnally, a deartháir Mickey agus grúpa fánaíochta ar aistear trastíre lán le heachtraíocht, grá agus taiscéalaíocht ceoil.

Bígí linn do sheisiún ceoil i ndiaidh an scannáin.

📆Dáta: Dé hAoine 14 Lúnasa
🕙Am: 7pm (Doirse ag 6:30pm)
📍Ionad: An Coire
💷Costas: £5

Fad reatha: 90 bom
Rátáil aoise: 15

(i mBéarla)

Tá íomhánna agus soilse gealánacha sa scannán seo nach bhfuil fóirsteanach dóibh siúd le titeamas fótamhothálach.

Dáta

Lún 14 2026
Expired!

Am

6:30 pm - 9:30 pm

Costas

£5.00

Láthair

An Coire - Ionad Ealaíon
An Coire - Ionad Ealaíon
132B Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH
Suíomh Gréasáin
https://www.facebook.com/ancoirearts

Catagóir

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code
Secret Link