Taispeántas agus Dinnéar Nollaig na mBan
Bí linn le Nollaig na mBan a cheiliúradh. Leithscéal tráthúil le do shuaimhneas a dhéanamh i ndiaidh fhuadar na Nollag… agus le ceiliúradh i gcuideachta do theaghlaigh agus do chairde.
Beidh gloine Prosecco agus sólaistí beaga mar fháilte romhat ann, agus beidh John agus Frances ón fhoireann chistine in An Croí ag ullmhú agus ag taispeáint féasta 3 chúrsa daoibh.
Beidh siamsaíocht á soláthar ag ceoltóir óg atá ag teacht chun cinn, Caitlin Diamond. Beidh oíche den scoth ann – ná lig tharat í!

Dé Sathairn 4 Eanáir
Am: 7.30-10.30pm
Ionad: Café An Croí
Ticéad: £35 (+ táille áirithinte)
