St Mungo’s The Ladies

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

St Mungo’s The Ladies

Tá Ríthe an Ghrinn, Grimes agus McKee, ar ais le seó úrnua – Naomh Mungo, Na Mná, leis an aoi-réalt Caroline Curran (is fearr aithne uirthi as Maggie’s Feg Run) agus stiúrtha ag Ciaran Nolan.

 

Tá an club peile Gaelaí sásta lena stádas marthanóra i lár an tábla i roinn a dó nuair a iarann Dearbhla Nic Diarmada cead ar Naomh Mungo foireann na mban a bhunú. Ní féidir leis an chathaoirleach gan cead a thabhairt di i ndairíre; i ndeireadh na dála, is í a iníon bhaistí í. A fhad nach gcuireann sé isteach ar fhoireann na bhfear, ar ndóigh. . .

Agus sin mar a thiteann an cogadh dosheachanta amach, easaontais ar pháirceanna, troideanna mionbhus agus achrainn faoi bhail na leithris. Agus go leor leor cupáin tae. Ach an fhadhb is mó: tá foireann na mban ag éirí níos fearr ná na fir. Tá rud éigin ar tí pléascadh.

Le fuaimrian luascach agus gáire croíúil, is é seo an seó grinn ar gá feiceáil an Fómhar seo.

Dé hAoine 11 Samhain

Láthair: An Coire

Am: 8pm

Ticéid: £15.00

Beár ar fail

Dáta

Samh 11 2022
Expired!

Am

8:00 pm - 10:00 pm

Costas

£15.00

Láthair

An Coire
An Coire, 132A Bóthar Tír Chiana, Machaire Rátha

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code