Siúlóid Idirnáisiúnta Lá Curfá Éirí na Gréine (Dátheangach)

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Siúlóid Idirnáisiúnta Lá Curfá Éirí na Gréine (Dátheangach)

Bígí linn ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh le haghaidh eispéireas speisialta go luath ar maidin ar Lá Idirnáisiúnta Curfá Éirí na Gréine. Agus an ghrian ag éirí, cuirfidh muid fáilte roimh an lá le fuaimeanna an churfá éirí na gréine, agus beidh ár dtreoracha ar fáil chun cabhrú leat speicis éagsúla a aithint trína gcuid glaonna. Más éanbhreathnóir thú nó má tá tú fiosrach, is deis iontach é seo am a chaitheamh sa dúlra agus tuilleadh a fhoghlaim faoinár bhfiadhúlra áitiúil.

Chun an leas is fearr a bhaint as an taithí, molann muid aip ghlao éin a íoslódáil roimh ré (is iad na príomh-mholtaí atá againn ná ‘The Collins Bird Guide’ nó ‘Merlin Bird ID’). Cuimhnigh, le do thoil, éadaí te agus coisbheart oiriúnach a chaitheamh don tsiúlóid.

Is imeacht saor in aisce é seo, ach ní mór áit a chur in áirithe. Fáilte roimh shíntiús.

www.drumnaph.org/support-us

Dáta

Beal 04 2025
Expired!

Am

5:30 am - 7:30 am

Láthair

Drumnaph Nature Reserve
Drumnaph Nature Reserve
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org
QR Code
Secret Link