Sinéad McKenna Beo le Rachael Masterson, Micky Fearon and Peter McKenna

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Sinéad McKenna Beo le Rachael Masterson, Micky Fearon and Peter McKenna

Is ceannródaí í Sinéad a bhfuil mianach an cheoil inti, a saothar nua-chumtha den scoth fite fuaite lena sárthuiscint ar cheoil traidisiúnta agus ar amhráin mealltacha a sinsir. .

Bíonn Sinéad ag seinm ar stáitsí ar fud na hÉireann, na hEorpa, SAM, Dubai agus níos faide i gcéin. I measc na mbuaicphointí ina gairm bheatha le déanaí, bhí sí ag seinm in éineacht le roinnt ceoltóirí mór le rá ag An Ceoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath mar chuid den cheolchoirm ómóis do Tommy Peoples, bhí sí ag seinm ag príomhimeachtaí mar chuid den fhéile Tradfest i mBéal Feirste agus ag féile Phádraig O’Keefe.

Is ceoltóir óg í a bhfuil gealladh fúithi, agus bíonn sí ag seinm ar roinnt clár teilifise agus raidióanna, lena n-áirítear RTÉ, TG4 agus ar an chlár faisnéise de chuid an BBC ‘The Northern Fiddler.’ Bhain sí roinnt bonn uile-Éireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann, agus bhain sí an ‘Ed Reavy International Fiddle Competition’ in 2019.

Sa bhliain 2022, bhí sí ar dhuine de na daoine a bhain Sparánacht Ghradaim Ceoil Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste; thug sé seo an t-am agus an deis di le bheith ag seinm, ag comhoibriú, ag cumadh agus ag taifeadadh le ceoltóirí a bhfuil ardmheas orthu ar fud na hÉireann agus thar lear.

Léiríonn a céad albam ‘Faoi Lán Ceoil’ a bhí curtha amach aici i Mí Márta 2024, a barántúlacht, scil, agus an máistreacht atá aici ar an fhidil

Dáta

Meith 15 2024
Expired!

Am

8:00 pm - 11:00 pm

Costas

£12.50

Láthair

An Coire
An Coire, 132A Bóthar Tír Chiana, Machaire Rátha

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code