Scannán: Ye Barborous Mountaines

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Scannán: Ye Barborous Mountaines

(dátheangach)

Caitheann an clár faisnéise seo, a rinneadh do BBC Thuaisceart Éireann, solas ar an obair a rinne Michael J. Murphy agus Proinsias Ó Conluain i ndeireadh na 1940í agus i dtús na 1950í i nGleann Choll, ag amharc ar an teanga agus an seanchas a bhí i nGaeltacht Thír Eoghain mar a bhí tráth. Tá agallaimh ann ó thús na 1990í le daoine ón tráth sin (an tAthair Breandán Ó Doibhlin, Síle Mhic Giolla Uidhir, Malachi Mac Giolla Uidhir, Alice Murphy, an tAthar Eoin Mac Culadh) ag machnamh ar an dóigh ar athraigh an Ghaeilge, ainmneacha, saol agus tírdhreach an phobail tuaithe seo.

Flying Fox Films a rinne an clár faisnéise agus craoladh den chéad uair ar BBC Thuaisceart Éireann in 1993. Táthar á thaispeáint le caoinchead BBC Thuaisceart Éireann agus Neil Martin.

Béarla agus Gaeilge le fotheidil i nGaeilge. Fad 30 bomaite.

Dé Sathairn an 1 Márta

Am: 7.30pm

Áit: An Coire

Costas: Saor in aisce

Seisiún Cois Tine ina dhiaidh go dtí go mall.

Dáta

Már 01 2025
Expired!

Am

7:30 pm - 8:00 pm

Láthair

An Coire
An Coire, 132A Bóthar Tír Chiana, Machaire Rátha

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code
Secret Link