Samhain 2025 (Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair)

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Samhain 2025 (Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair)

Samhain 2025

Datá: Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair
Am: 6pm – 9pm
Costas: Páisti: £10.50 (faoi 2 saor in aisce) / Duine Fásta: £12.50 (táille áirithinte san áireamh)

NÍ MÓR ÁIRITHINT A DHÉANAMH

Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair

6.00pm – as Gaeilge (DÍOLTA AMACH)
6.30pm – as Gaeilge (DÍOLTA AMACH)
7.00pm – as Gaeilge & teaghlaigh Ghaeloideachais
7.30pm – dátheangach
8.00pm – as Gaeilgeas Gaeilge & teaghlaigh Ghaeloideachais
8.30pm – dátheangach

Dé Sathairn 25 agus Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair, tiocfaidh beocht i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh san oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Cheilteach, Samhain. Samhain Bíonn ceiliúradh traidisiúnta solais ag go leor cultúr ar fud an domhain ag an tráth seo bliana agus na tráthnónta dorcha ag druidim linn.

Déanfar óg agus aosta a threorú tríd an choill ar chosáin dhraíochtúla a bheas á soilsiú ag tine agus solas lena chinntiú nach dtéann tú ar seachrán! Beidh siúlóidí treoraithe ar fáil go dátheangach agus i nGaeilge amháin gach oíche.

Má thagann sibh ann na hoícheanta sin, beidh an choill beo le carachtair dhraíochta, scéalaíocht, taibheoirí sráide agus seó tine. Beidh éadaí teo de dhíth agus bróga nó buataisí cuí. Ná déan dearmad do laindéar féin a thabhairt leat fosta.

Tá súil agaainn nach gcaillfidh sibh an t-eispéireas draíochtúil seo. Ná bíodh eagla ar bith oraibh, cosnóidh tinte ársa na Samhna sibh agus cuimhnígí go soilsíonn an solas is lú féin go geal sa dorchadas.

Ceisteanna Coiteanta

Cén t-am a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn an t-eispéireas?
Tosóidh na siúlóidí threoraithe gach 30 bomaite idir 6pm agus 9pm gach oíche. (siúlóidí dheireanacha ar 8.30pm) Mairfidh gach siúlóid thart fá Uair a chloig. Molaimid díot le teacht ar a laghad 30 bomaite roimh thús do shiúloid ag tosú.

Cá mbeidh an t-eispéireas ag tarlú?
I mbliana tosóidh bhur dturas ag An Carn, áit a dtabharfar ar bhus sibh le bualadh le bhur dtreoraí siúlóide ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. Tá spásanna páirceála ar fáil ag An Carn agus molaimid go mbeadh sibh ann 30 bomaite ar a laghad roimh an am a bheas curtha in áirithe agaibh

Cá háit a gcuirtear ticéid in áirithe?
Cuirigí bhur dticéid in áirithe ar líne ag ancarn.org/whats-on/.
Ní bheidh ticéid ar bith ar fáil ag an gheata.

Cé dó a bhfuil Samhain fóirsteanach?
Tá an t-eispéireas fóirsteanach do gach aois, do theaghlaigh agus do ghrúpaí. Níl an t-eispéireas seo fóirsteanach do chathaoireacha rothaí nó bhugaithe ilraoin ach moltar iris linbh in áit.

An bhfuil rogha Ghaeilge amháin ar fáil?
Tá – tá roinnt sealanna ar fáil do shiúlóidí trí Ghaeilge AMHÁIN (molta do theaghlaigh Ghaeloideachais, seoltar leagan Béarla den scéal roimh ré). Tá na sealanna eile uilig dátheangach.

An rachaidh Samhain ar aghaidh sa drochaimsir?
Rachaidh Samhain ar aghaidh ach amháin má mheastar nach bhfuil na dálaí aimsire sábháilte dár gcuairteoirí, dár bhfoireann agus dár saorálaithe. Sa chás sin cuirfear an dáta sonrach sin ar ceal

Cad é ba cheart dom a chaitheamh?
Tabhair faoi deara gur eispéireas fómhair amuigh faoin aer é seo, mar sin is gá éadaí agus bróga fóirsteanacha a chaitheamh.

An bhfuil áiseanna leithris ar fáil?
Tá – tá leithris ag An Carn/An Coire, áit a dtosaíonn an t-eispéireas. Tá leithris fosta in aice leis an charrchlós ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. NB: níl aon rochtain ar leithris le linn na siúlóide.

An mbeidh sólaistí ar fáil?
Beidh deochanna teo agus sólaistí blasta de dhéantús baile le fáil roimh bhur siúlóid agus ina diaidh i dTeach Caife & Bistro An Croí (atá lonnaithe in An Carn).

Polasaí Cealaithe
Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair aon oíche de Samhain a chur ar ceal ar aon chúis a mheastar atá riachtanach do shábháilteacht agus do dhea-bhail ár gcuairteoirí, ár bhfoirne agus ár saorálaithe, ar a n-áirítear dálaí aimsire nach bhfuil sábháilte.

In the event of a cancellation of Samhain, attendees will be notified at the earliest convenience by email to the email address used to book the tickets. It is the responsibility of the attendees to check their emails before departing for Samhain to check for any updates and to make sure email addresses are correctly entered when booking tickets.

I gcás cealaithe, tabharfar aisíocaíocht iomlán do na custaiméirí taobh istigh de 10 lá ar a mhéad den dáta cealaithe.

Ní ghlacann Coiste Forbartha Charn Tóchair aon fhreagracht sa chás nach féidir le custaiméir bheith i láthair ag Samhain mar gheall ar aon toisc sheachtrach ar a n-áirítear srianta tráchta, tinneas, dálaí aimsire, srl

Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair amanna na n-imeachtaí agus a mbeidh ag tarlú mar chuid de na himeachtaí a athrú nó a nuashonrú aon am suas go dtí lá an imeachta féin.

Dáta

D. Fómh 25 2025
Expired!

Am

6:00 pm - 9:00 pm

Costas

£12.50

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Other Locations

Drumnaph Nature Reserve
Drumnaph Nature Reserve
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code
Secret Link