Samhain 2022 (Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair)

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Samhain 2022 (Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair)

Samhain 2022

Dáta: Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair
Am: 6pm – 9pm
Costas: £9.00 (faoi 2 saor in aisce)

NÍ MÓR ÁIRITHINT A DHÉANAMH

Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair

6.00pm – Dátheangach
6.30pm – as Gaeilge
7.00pm – Dátheangach
7.30pm – Dátheangach
8.00pm – as Gaeilge
8.30pm – Dátheangach

Dé Sathairn 29 agus Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair, tiocfaidh beocht i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh san oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Cheilteach, Samhain. Ba ghnách lenár sinsir an tSamhain a cheiliúradh mar dheireadh an fhómhair agus tús ‘leath dhorcha’ na bliana. Bíonn ceiliúradh traidisiúnta solais ag go leor cultúr ar fud an domhain ag an tráth seo bliana agus na tráthnónta dorcha ag druidim linn.

Déanfar óg agus aosta a threorú tríd an choill ar chosáin dhraíochtúla a bheas á soilsiú ag tine agus solas lena chinntiú nach dtéann tú ar seachrán! Beidh siúlóidí treoraithe ar fáil go dátheangach agus i nGaeilge amháin gach oíche.

Má thagann sibh ann na hoícheanta sin, beidh an choill beo le carachtair dhraíochta, scéalaíocht, taibheoirí sráide agus seó tine. Ná déan dearmad do laindéar féin a thabhairt leat fosta. Beidh éadaí teo de dhíth agus bróga nó buataisí cuí. Ná déan dearmad do laindéar féin a thabhairt leat fosta.

Beidh Samhain á reáchtáil dhá oíche i mbliana le freastal ar an éileamh, rud a chuireann níos mó amanna siúlóide ar fáil, ach moltar áiteanna a chur in áirithe gan mhoill.

Tá súil agaainn nach gcaillfidh sibh an t-eispéireas draíochtúil seo. Ná bíodh eagla ar bith oraibh, cosnóidh tinte ársa na Samhna sibh agus cuimhnígí go soilsíonn an solas is lú féin go geal sa dorchadas.

Ceisteanna Coiteanta

Cén t-am a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn an t-eispéireas?
Beidh na siúlóidí treoraithe ann idir 6pm agus 9pm gach 30 bomaite an dá oíche (seal deireanach 8.30pm). Mairfidh gach siúlóid threoraithe thart faoi uair an chloig. Molaimid go mbeadh sibh ann 30 bomaite ar a laghad roimh an am a bheas curtha in áirithe agaibh.

Cá mbeidh an t-eispéireas ag tarlú?
I mbliana tosóidh bhur dturas ag An Carn, áit a dtabharfar ar bhus sibh le bualadh le bhur dtreoraí siúlóide ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. Tá spásanna páirceála ar fáil ag An Carn agus molaimid go mbeadh sibh ann 30 bomaite ar a laghad roimh an am a bheas curtha in áirithe agaibh

Cá háit a gcuirtear ticéid in áirithe?
Cuirigí bhur dticéid in áirithe ar líne ag ancarn.org/whats-on/. Ní bheidh ticéid ar bith ar fáil ag an gheata.
Ní bheidh ticéid ar bith ar fáil ag an gheata.

Cé dó a bhfuil Samhain fóirsteanach?
Tá an t-eispéireas fóirsteanach do gach aois, do theaghlaigh agus do ghrúpaí. Níl an t-eispéireas seo fóirsteanach do chathaoireacha rothaí, ach tá do bhugaithe ilraoin.

An bhfuil rogha Ghaeilge amháin ar fáil?
Tá – tá roinnt sealanna ar fáil do shiúlóidí trí Ghaeilge AMHÁIN. Tá na sealanna eile uilig dátheangach.

An rachaidh Samhain ar aghaidh sa drochaimsir?
Rachaidh Samhain ar aghaidh ach amháin má mheastar nach bhfuil na dálaí aimsire sábháilte dár gcuairteoirí, dár bhfoireann agus dár saorálaithe. Sa chás sin cuirfear an dáta sonrach sin ar ceal. Féach ár bpolasaí cealaithe thíos.

Cad é ba cheart dom a chaitheamh?
Tabhair faoi deara gur eispéireas fómhair amuigh faoin aer é seo, mar sin is gá éadaí agus bróga fóirsteanacha a chaitheamh.

An bhfuil áiseanna leithris ar fáil?
Tá – tá leithris ag An Carn/An Coire, áit a dtosaíonn an t-eispéireas. Tá leithris fosta in aice leis an charrchlós ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. NB: níl aon rochtain ar leithris le linn na siúlóide.

An mbeidh sólaistí ar fáil?
Beidh deochanna teo agus sólaistí blasta de dhéantús baile le fáil roimh bhur siúlóid agus ina diaidh i dTeach Caife & Bistro An Croí (atá lonnaithe in An Carn).

Polasaí Cealaithe
Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair aon oíche de Samhain a chur ar ceal ar aon chúis a mheastar atá riachtanach do shábháilteacht agus do dhea-bhail ár gcuairteoirí, ár bhfoirne agus ár saorálaithe, ar a n-áirítear dálaí aimsire nach bhfuil sábháilte.

Sa chás go gcuirfí Samhain ar ceal, cuirfear sin in iúl a luaithe is féidir dóibh siúd a mbeidh áirithintí acu trí ríomhphost chuig an tseoladh ríomhphoist a úsáideadh leis an áirithint a dhéanamh. Is ar na custaiméirí atá an fhreagracht a ríomhphost a sheiceáil sula dtaistealaíonn siad chuig Samhain le haon nuashonrú a sheiceáil, agus fosta a chinntiú go gcuirtear a seoladh ríomhphoist isteach go beacht agus an áirithint á déanamh.

I gcás cealaithe, tabharfar aisíocaíocht iomlán do na custaiméirí taobh istigh de 10 lá ar a mhéad den dáta cealaithe.

Ní ghlacann Coiste Forbartha Charn Tóchair aon fhreagracht sa chás nach féidir le custaiméir bheith i láthair ag Samhain mar gheall ar aon toisc sheachtrach ar a n-áirítear srianta tráchta, tinneas, dálaí aimsire, srl

Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair amanna na n-imeachtaí agus a mbeidh ag tarlú mar chuid de na himeachtaí a athrú nó a nuashonrú aon am suas go dtí lá an imeachta féin.

Dáta

D. Fómh 30 2022
Expired!

Am

6:00 pm - 9:00 pm

Costas

£9.00

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Other Locations

Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Tearmann Dúlra Dhroim nDamh, 15 Bóthar Leath Chiana, BT46 5PB
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code