Róise agus Frank – Club Pictiúrlainne

Róise agus Frank – Club Pictiúrlainne

Club Pictiúrlainne

Róise agus Frank (PG)

Baineann an scannán seo le Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach mná atá ag streachailt go mór ó bhásaigh a fear céile, Frank, dhá bhliain ó shin. Is beag baint atá ag Róise anois leis an saol mór agus lena muintir, le teann bróin agus uaignis. Ach nuair a thagann madra fáin ar an láthair gan choinne, a leanann gach cor a dhéanann sí, tagann beocht i Róise arís agus í den tuairim gurb é a fear céile féin atá ar ais i bhfoirm an mhadra seo. In ainneoin míshástachta a mic agus daoine eile, déanann sí a seacht ndícheall lena ghrá don iománaíocht, stéig agus an chathaoir is fearr leis, a shásamh. Cuireann sí muinín i gcumhacht shíoraí na beatha agus tosaíonn sí ag creidiúint san athionchollú. Is scéal croíúil é Róise & Frank, a bhaineann le léaró dóchais a aimsiú san áit is duairce, agus is scéal é atá ag mealladh croí an lucht féachana cibé áit ina bhféachtar air.

Ticéid: £4.00

Dáta

Aib 21 2023
Expired!

Am

7:00 pm - 8:50 pm

Costas

£4.00

Láthair

An Coire - Ionad Ealaíon
An Coire - Ionad Ealaíon
132B Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH
Suíomh Gréasáin
https://www.facebook.com/ancoirearts

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code