
ReelRobics
🗣️📣Tá ReelRobics Causeway ag teacht go dtí An Carn, Carn Tóchair!
Is é Reelrobics an bunleagan de bhabhta traenála damhsa Gaelach do dhaoine fásta. Tugann sé damhsa Gaelach traidisiúnta agus aeróbaic le chéile chun babhta traenála cuimsitheach a chruthú.
Ní gá duit a bheith i do dhamhsóir Gaelach le sult a bhaint as an aclaíocht uathúil agus spraíúil seo
Féach ar an fhíseán seo le fáil amach duit féin gur féidir le duine ar bith triail a bhaint as! 😊💚
Tá fáilte roimh gach duine 16+ teacht chuig ár ranganna don mheascán craice agus cleachtaidh. Téigh i dteagmháil linn inniu chun d’áit a dheimhniú! 💃
