Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta – Fómhar 2023

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta – Fómhar 2023

Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh cúig leibhéal ann (ag brath ar éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.

Mar sin, más glantosaitheoir, feabhasóir nó cainteoir líofa thú ar mhian leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh, cláraigh d’áit faoin Chéadaoin 20 Meán Fómhair. Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar díreach chuig do rang Dé Luain 25 Meán Fómhair ó 7.15pm. Beidh fearadh na fáilte romhat.

Beidh 11 seachtaine sa chéad téarma.

25/09/23 – 11/12/23 (Sos lár téarma ar an 30ú Deireadh Fómhair)

Oidí:

Gaeilge don Teaghlach *- Gráinne Ní Chatháin (Beidh cóip den leabhar oibre Gaeilge don Teaghlach de dhíth don leibhéal seo agus is féidir á cheannach i Siopa an Carn.)

Leibhéal 1 – Séamus Mac Conmidhe

Leibhéal 2 – Sharon Uí Chatháin & Amy Ní Dhocahrtaigh (Beidh an rang scartha i ndá ghrúpa)

Leibhéal 3 – Clár Ní Chnaimhsí

Leibhéal 4 – Siobhán Ní Dhoibhlin

Leibhéal 5 – Órfhlaith Ní Chearnaigh

 

 

Am: 7.30 – 9pm (gan sos)

Costas: £30 (Ráta lamháltais : £25**)

Ní mór d’áit a chur in áirithe faoin Chéadaoin 20 Meán Fómhair. Níl céad clárú ar an chéad oíche.

 

Leanann an cúrsa an téacsleabhar, Gaeilge Gan Stró. Beidh cóip den leabhar de dhíth i rith an cúrsa. Is féidir an leabhar a cheannach ar www.siopaancarn.com

* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá thar 65 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lán aimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Naíscoil, Gaelscoil nó Gaelcholáiste Dhoire.

Dáta

M. Fómh 25 2023
Expired!

Am

7:30 pm - 9:00 pm

Costas

£30.00

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org
Catagóir

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code