
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta – 2024
Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh cúig leibhéal ann (ag brath ar éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.
Mar sin, más glantosaitheoir, feabhsaitheoir, nó Gaeilgeoir líofa thú gur mhaith leat deis do chuid Gaeilge a chleachtadh, cláraigh d’áit faoi Dé Céadaoin 10 Eanáir. Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar díreach chuig do rang Dé Luain 15 Eanáir ó 7.15pm. Beidh fearadh na fáilte romhat.
Mairfidh an téarma 9 seachtaine
15.01.2024 (sos lár téarma 12ú February & 18ú Márta)
Oidí:
Gaeilge don Teaghlach *- Gráinne Ní Chatháin (Beidh cóip den leabhar oibre Gaeilge don Teaghlach de dhíth don leibhéal seo agus is féidir á cheannach i Siopa an Carn.)
Leibhéal 0 – Glántosaitheoir – Oide – Le Cinntiú
Leibhéal 1 – Séamus Mac Conmidhe & Clár Ní Chnaimhsí (rang scoilte idir dhá ghrúpa)
Leibhéal 2 – Le Cinntiú
Leibhéal 3 – Barra Glas
Leibhéal 4 – Siobhán Ní Dhoibhlin
Leibhéal 5 – John Grant
Am: 7.30 – 9pm (gan sos)
Costas: £30 (Ráta lamháltais : £25**)
Ní mór áiteanna a chur in áirithe faoi Dé Céadaoin 10 Eanáir – Níl cead clárú ar an chéad oíche.
Leanann an cúrsa an téacsleabhar, Gaeilge Gan Stró. Beidh cóip den leabhar de dhíth i rith an cúrsa. Is féidir an leabhar a cheannach ar www.siopaancarn.com
* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá thar 65 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lán aimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Naíscoil, Gaelscoil nó Gaelcholáiste Dhoire.
