Pólca 4 Beo #FCT23
Tá Féile Charn Tóchair ar bís lenár bpríomh-mhír a fhógairt don bhliain seo.
Is grúpa breá bríomhar iad Pólca 4 a bhfuil saineolas acu ar cheol Chiarraí Thiar.
Cuirfidh siad crith sna cosa, brí sna bosa agus fonn damhsa ort agus is cinnte go mbeidh oíche den chéad scoth ar na cártaí agus na leaids seo ag gigeáil sa ghairdín.
Tá a gcuid ceoil lán go béal le brí agus fuinneamh, le meascán mearaí de phólcaí, sleamhnáin, poirt, ríleanna agus amhráin áitiúla. Tá an ceol traidisiúnta go smior i bPólca 4 agus cuireann siad a ‘spin’ féin air, rud is cúis lena dtóir fud fad na cruinne.
Cuireann cóiriú ceoil an bhanna borradh faoi leith faoi na foinn iomráiteacha síoraí seasta seo, ag tabhairt mothú agus tuiscint nua dúinn orthu gan dearmad a dhéanamh ar a mbunteachtaireachtaí. Idirghníomhú aigeanta aerach idir an fhidil, bosca ceoil, giotár agus cnaguirlisí atá ina gceolchoirmeacha, a aistríonn a lucht éisteachta go croílár Chiarraí Thiar ar feadh tamaillín.
I bPólca 4 tá:
Pádraig Ó Sé (amhránaíocht & bosca ceoil)
Gary O’Brien (giotár)
Daire Bracken (fidil)
Robbie Harris (bodhrán agus cnaguirlisí)