Óige Charn Tóchair – Clárú
Beidh Club Óige Charn Tóchair (R5- Bl.12) ag tosú an tseachtain dar tús an 30 Meán Fómhair, le clárú ar siúl 19 Meán Fómhair 6-7pm nó ar líne. Bunaíodh ár dtionscadal óige 15 bliain ó shin le tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus iad ar an Ghaeloideas tríd imeachtaí d’ardchaighdéan trí Ghaeilge a chur ar fáil. Reáchtálfar imeachtaí an chlub trí mheán na Gaeilge
An réimse imeachtaí ar féidir leat a bheith ag dúil leis:
- scannánaíocht
- drámaíocht amhránaíocht
- spórt cluichí
- tionscadail dúlra
- ealaín ceardaíocht
- turais
Tabhair de d’aire nach mbeidh cead ach ag daoine óga atá ag freastal ar imeachtaí an Chlub Óige go rialta i rith na bliana freastal ar thurais agus ar thurais thar oíche.
Oíche Chlárúcháin R5 – Bl.12
Déardaoin 19 Meán Fómhair 2024
6-7pm
Seomra Club Óige, An Coire
Costas: £20 léigh na rialacha anseo: Rialacha/Rules – Óige Charn Tóchair
