Nollaig na mBan – Paint & Sip
Bí linn le Nollaig na mBan a cheiliúradh. Leithscéal tráthúil le do shuaimhneas a dhéanamh i ndiaidh fhuadar na Nollag… agus le ceiliúradh i gcuideachta do theaghlaigh agus do chairde.
Bí linn in An Croí fá choinne seisiún péinteála suaimhneach céim ar chéim, le ceol beo sáimhríoch le Caitlín Diamond.
BYOB – Buin sult as prosecco agus bia te foirc buifé.
Biachlár:
- Pasta Linguine le cloicheáin, muisiriúin agus spionáiste in anlann uachtair gairleoige, agus arán gairleoige leis.
- Sicín Tuscánach – Sicín griollta le trátaí griantriomaithe, spionáiste agus muisiriúin, riartha in anlann uachtair geal agus le rís bhruite.
Am: 7.30-10.30pm
Ionad: An Croí Cafe
Ticéid: £37 (táille áirithinte san áireamh / includes booking fee)