Niall Hanna & Damian McKee
Beidh Niall Hanna agus Damian McKee ag léiriú agus ag seoladh na n-albam aonair acu in An Coire, Ionad Ealaíon, i mí Mheán Fómhair. I gcuideachta Néill agus Damian beidh cuid de na ceoltóirí is fearr in Ultaibh, agus ina measc beidh Liam Bradley (méarchlár), Ciarán Hanna (fideoga/cosairtín), Rachel McGarrity (fidil/guth), Chris McGlone (bodhrán) agus Kieron Leonard (cnaguirlisí).
Phléasc Niall Hanna, arb as Tír Eoghain dó, isteach i saol an cheoil tíre i ndeireadh 2017 lena chéad albam ‘Autumn Winds’, a thuill ardmholadh léirmheastóirí, agus a ndearna Dónal O’Connor a léiriú. Tá Niall, atá de bhunadh chladach an locha, i ndiaidh a bheith ag seinm ar stáitsí ar fud na hEorpa, na hAstráile agus níos faide i gcéin, agus tá dea-chlú forbartha aige mar dhuine de na ceoltóirí óga traidisiúnta is fearr in Éirinn, i ndiaidh dó Gradam Ceoil TG4 (Amhránaí na Bliana) a fháil ar feadh an bhealaigh. Tarraingíonn Niall ó oidhreacht láidir cheoil, clanna Uí Annaidh agus Uí Néill san áireamh, agus casann sé amhráin thraidisiúnta agus nua araon, le tionlacan óna stíl ar leith ag seinm ar an ghiotár.
Ar a albam nua-eisithe, ‘The Roving Journeyman’, tá cúig amhrán nua a scríobh sé féin, chomh maith le sé amhrán thraidisiúnta. Chomh maith le cóirithe Néill, inarb é an giotár téad níolóin an phríomhuirlis, tá de mhaisiú ann ceol ó Chiarán Hanna, Rachel McGarrity agus Damian McKee. Tá d’inspioráid ag amhráin nuachumtha Néill a bhaile dúchais, agus tarraingíonn siad ar stair áitiúil agus scéalta an talaimh chomh maith.
Is as Dún Láthaí faoin tuath i gContae Aontroma é Damian McKee, agus tá bunús a shaoil tiomnaithe aige do sheinm agus do theagasc an cheoil Ghaelaigh. Tá an-mhórán taithí aige ag seinm le Beoga le dhá bhliain is fiche, agus tá fonn air ceol nua a chruthú. Tá lúcháir ar Damian bailiúchán d’ábhar úrnua, Moyola Cottage, a thabhairt amach os comhair an tsaoil, a seinneadh den chéad uair ag Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste. Scríobhadh Moyola Cottage ón chroí, le hinspioráid ón bhaile, ón teaghlach agus ó chuimhní, agus tá foinn air atá ina bpíosaí malla séiseacha agus máirseálacha teasaí agus, ar ndóigh, lear ríleanna, port agus polcaí, atá cóirithe go treallúsach. . . .. Tiocfaidh Niall agus Damian le chéile d’oíche cheoil agus amhránaíochta a bheidh go hiontach gan amhras ar bith.