
Leabharlann Phobail An Carn – Scéalaíocht le hAoife Ní Fhlannagáin
Tá lúchair orainn Leabharlann Phobail An Carn a athsheoldh I ndiaidh infheistíocht suntasach a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge, córas bainistíochta leabharlainne a chur isteach agus na leabhair ar fad a rangú, is féidir linn cuirí a thabhairt dár gcomhphobal clárú leis an leabharlann. Tríd an imeacht scéalaíocht seo, tugaimid cuireadh do theaghlaigh le clárú le Leabharlann Phobail An Carn.
Tá na leabhair do pháistí scartha de réir aoisghrúpa agus dáthanna éagsúla orthu, le cuidiú le tuismitheoirí leabhair a aimsiú atá fóirsteanach dá bpáiste / bpáistí.
Beidh deis ag páistí leabharmharc a dhearadh agus a dháthú.
As siocair go bhfuil méid áirithe leabhair neamh-fhicseán le bheith curtha ar an chóras leictreonach go fóill, beidh deis ann do dhaoine fásta le clarú ag pointe níos déanaí, nuair a bheas seo críochnaithe.
Leis an tionscadal seo cuirimid fáilte roimh dhaoine am a thabhairt dúinn le cuidiú linn ár seirbhísí leabharlainne a sholáthair.
San áireamh ar seo, ná leabhair a seiceáil isteach is amach ag seisiúin oscailte éagsúla agus / nó leabhair a shortáil agus a chur ar ais ar na seilfeanna.
Léigh Cairt na Leabharlainne thíos:
Iarraimid ar thuismitheoirí:
– Cuidiú leis na páistí aire a thabhairt ar na leabhair.
– Labhairt le do pháistí faoin scéal, na carachtair, na rudaí a thaitin nó nár thaitin leo faoin scéal.
– Is féidir le gach ball leabhar amháin an duine a ghlacadh ar iasacht.
– Cuidiú leis na páistí aire a thabhairt ar na leabhair.
– Labhairt le do pháistí faoin scéal, na carachtair, na rudaí a thaitin nó nár thaitin leo faoin scéal.
– Is féidir le gach ball leabhar amháin an duine a ghlacadh ar iasacht.
Tríd an fhoirm seo a chomhlíonadh agus bhur gcuid sonraí teagmhálacha a chur ar fáil, tugann tú cead dúinn (An Carn) meabhrúchán a sheoladh chugat mura dtabharfar leabhair ar ais laistigh den tréimhse iasachta.
