Lá Folláine
Bain sult as lá lán suaimhnis agus athnuachana i suíomh álainn Thearmann Dhúlra Dhroim nDamh. Deartha le do chorp agus d’aigne a chothromú, tabharfaidh an t-eispéireas folláine seo an t-am agus an spás duit do scíth a ligean agus athcheangail a dhéanamh leis an nadúr.
Ceardlanna:
10-11am – Ióga faoin aer
11:30-12:30 – Eispéireas Folcadh Fuaime
2-3pm – Ceardlann Taigh tSí agus Qigong
Tabhair faoi déara go bhfuil an imeacht seo faoin aer. Is féidir leat cearlann amháin a roghnú nó iad uilig.
Ióga Amuigh Faoin Spéir le Laura – Is múinteoir ióga, machnaimh agus aireachais í Laura a bhfuil paisean ó chroí aici fá choinne daoine eile a threorú ar ais chucu féin trí chleachtais talmhúcháin ionchollaithe. Cruthaíonn sí ranganna caomha fairsinge a thugann cuireadh do rannpháirtithe moilliú, tiúnáil isteach, agus athcheangal le gaois dhomhain a gcoirp féin.
Eispéireas téarnaimh folctha fuaime – Lig do scíth. Scaoil. Athchothromaigh. Luigh siar i sanctóir d’fhuaim shuaimhneasach agus de chneasú creathúil. Lig do thoin shéimhe babhlaí criostail, cloigíní agus uirlisí beannaithe le do threorú go scíth dhomhain, suaimhneas sa néarchóras, agus athshocrú fuinniúil.
Le tabhairt leat:
- Uisce
- Éadaí compórdacha
- Púicín (más mian)
Ar mhaithe le sábháilteacht, is féidir nach mbeidh folcadh fuaime fóirsteanach do dhaoine lena mbaineann siad seo a leanas:
- Titimeas spreagtha ag fuaim
- Tinniteas dian nó mígréiní spreagtha ag fuaim
- Séadaire nó feiste leighis leictreonach ionphlandaithe
- Sa chéad ráithe de thoircheas
- Géarchéim mheabhairshláinte (eg síocóis)
Ceardlann Tai Chi agus Qigong Amuigh Faoin Aer – Bí linn i gcuideachta an mhúinteora Qigong/Tai Chi, Cliona Sharkey, faoi choinne cleachtadh réidh gluaiseachtaí líofa a chuideoidh linn nascadh go haireachasach linn féin, leis an dúlra agus leis an fhlúirse! Is cleachtadh gluaiseachtaí líófa iad Tai Chi agus Qigong atá bunaithe ar an Leigheas Síneach agus ar thimthrialla agus ar ghaois an nádúir. Fáilte roimh dhaoine a bheith páirteach ina seasamh nó ina suí, thig le gach aois agus gach cumas páirt a ghlacadh!