Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Beidh rang ann do gach leibhéal agus beidh cúig leibhéal ar fáil (ag brath ar an éileamh). Tá an cúrsa saindeartha chun foghlaimeoirí a thabhairt go céimneach ón bhuntús go líofacht, agus beidh sé á chur ar fáil ag ár bhfoireann de mhúinteoirí cáilithe a bhfuil taithí fhada acu.
Mar sin, más glantosaitheoir, feabhsaitheoir, nó cainteoir líofa thú atá ag iarraidh cleachtadh, cuir d’áit in áirithe ar líne ancarn.yapsody.com. Seolfar eolas chugat le sonraí faoi do rang. Tar díreach chuig do rang ar an Luan 20 Meán Fómhair ó 7.15pm
Beidh fearadh na fáilte romhat.
Beidh sraith 12 seachtaine ann sa chéad téarma
20/9/21 – 13/12/21 (seachtain saor 25/10/2021)
Oidí:
Leibhéal 1 – Barra Glas
Leibhéal 2 – Siobhán Ní Dhoibhlin
Leibhéal 3 – Órfhlaith Ní Chearnaigh
Leibhéal 4 – Séamus Mac Conmidhe
Leibhéal 5 – Amy Ní Dhochartaigh
Am: 7.30 – 9pm (gan sos)
Táille: £30 (Ráta lamháltais: £25*)
Ní mór áiteanna a chur in áirithe faoi Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair – Ní bheidh cead clárú ar an chéad oíche.
Tabhair faoi deara – beidh na ranganna ar siúl in An Carn, ach má thagann athrú sna treoirlínte ón rialtas nó má ta dianghlasáil eile curtha i bhfeidhm, beidh na ranganna ag bogadh ar líne agus a soláthair trí zúm.
ancarn.yapsody.com
0044 28 795 49978
* Is iad na daoine atá i dteideal an ráta lamháltais ná daoine atá os cionn 60 bliain d’aois, mic léinn os cionn 16 d’aois atá in oideachas lánaimseartha, agus tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar Ghaelscoil nó ar Naíscoil.