Ióga Faoin Aer
(i mBéarla) le Laura Campbell
Tabhair sos do do chorp agus íonghlan d’intinn leis an oiliúnóir ióga, Laura Campbell.
Bí linn faoi choinne ióga amuigh faoin aer le meascán de shruthú réidh, cleachtaí análaithe agus suíomhanna coirp a spreagfaidh an nasc idir intinn agus corp.
Fóirsteanach do gach leibhéal cumais; is féidir na suíomhanna coirp a oiriúnú do dhaoine a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh.
📆Dataí:
Dé Domhnaigh 31 Bealtaine,
Dé Domhnaigh 28 Meitheamh.
Dé Domhnaigh 19 Iúil.
🕙Am: 11am – 12pm
📍Ionad: Drumnaph Nature Reserve
*Tabhair do d’aire, i gcás drochaimsire, gur istigh faoi dhíon in An Carn a tharlóidh an seisiún*
💷Costas: £5 gach seisiún
🕺Aois: 18+
This workshop is part of our Wellness project: Sólás and supported by ACNI REAP Funding!
Déan teagmháil le eolas@ancarn.org nó cur scairt ar 02879549978 chun áirithint a dhéanamh nó chun an t-eolas is deireanaí a fháil. Tá eolas agus áirithintí ar fail ar ár suíomh idirlín chomh maith!
