Grimes & McKee
Tá Grimes & McKee ag filleadh ar An Coire lena seó grinn úr – New Ireland
Forógra grinn d’Éireann nua Ní hamháin faoi na cúrsaí bunreachtúla – ach, faoi na rudaí tábhachtacha chomh maith. Brat náisiúnta nua? Ár mias náisiúnta nua? Ár madadh náisiúnta? Cé a rachaidh sa chathaoir ar na cainteanna síochána idir Tayto agus Free Stayto? Ná bí buartha, déanfaidh Grimes agus McKee, daoine neamheolacha, plé ar an bhealach chun tosaigh. Mar a dúirt an t-Éireannach mór le rá, Bob Marley uair amháin, beidh gach rud ceart go leor.
Beár ar fáil
Am: 8pm
Ticéid: £15.00