
Gaeilge don Teaghlach – Cúrsa ar Líne
Clár 8 seachtaine do thuistí/cúramóirí gan mórán Gaeilge nó gan Gaeilge ar bith ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim lena húsáid sa teaghlach. .Gheobhaidh na rannpháirtithe áis foghlama 120+ leathanach le focail úsáideacha, frásaí, rannta, amhráin agus bileoga oibre chomh maith le rochtain ar chomhaid fuaime atá ag gabháil léi. Tá an clár speisialta seo cruthaithe ag Conradh na Gaeilge Charn Tóchair i ndiaidh comhairliúcháin le tuismitheoirí agus cúramóirí.
Dáta: Dé Máirt 1 Feabhra – 29 Márta (sos 15 Feabhra)
Am: 8:00pm – 9:00pm
Éascaitheoir: Aoife Ní Fhlannagáin
Láthair: ar líne trí zúm (seolfar nasc chugat)
Costas: £30 Cúrsa & leabhar oibre / £15 cúrsa amháin
