Fréamhú Teanga
Fréamhú Teanga:Todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i gCarn Tóchair
Siompóisiam ar thodhchaí na Gaeilge i gCarn Tóchair agus sa cheantar máguaird. Bígí linn do phlé ar mhórcheisteanna na Gaeilge agus cad é atá romhainn mar chomhphobal teanga sa 30 bliain amach romhainn.
Ar an oíche beidh cainteanna ó thriúr saineolaithe ar théamaí éagsúla le deis ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Donncha Ó hEallaithe Fás nó Bás: todhchaí na Gaeilge de réir na staitisticí
Léiríonn torthaí ó Dhaonáireamh 2021 go bhfuil fás ó thuaidh ar líon na gcainteoirí Gaeilge ach is a mhalairt de scéal atá ó dheas, le creimeadh leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 2011 agus 2016, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. An cheist a bheas á chíoradh sa gcaint ná seo: an bhfuil teanga ársa na hÉireann ag fáil bháis nó an bhfuil comharthaí fáis le haimsiú sna torthaí Daonáirimh?’
Niall Ó Catháin – Ó Theanga Scoile go Teanga Phobail
‘Anailís agus fortheilgean ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge i gceantar Charn Tóchair sa 30 bliain amach romhainn’
Pádraig Ó Mianáin – An Teanga Seo Leath-Linn?
Tuar agus plé ar an fhéiniúlacht teanga i bpobal Gaeilge Charn Tóchair, ar an norm teanga a bhunófar sa phobal sin sa 25 bliain amach romhainn, agus ar ról an Bhéarla agus chanúint Thír Chonaill i bhforbairt an noirm sin.
Cathaoirleach an tSiompóisiam: Nodlaig Ní Bhrollaigh
