Feis Charn Tóchair 2026
Feis Charn Tóchair – Ceiliúradh ar chultúr agus athbheochan na Gaeilge
Is ceann acu de bhuaicphointí cultúrtha na bliana i Lár Uladh í Feis Charn Tóchair. Cuirfear réimse leathan comórtais ar fáil le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus athbheochan na Gaeilge i gcomhluadar cairdiúil réchúiseach. Beidh ceol binn le cluinstin ar lá na Feise agus cluinfidh tuismitheoirí agus seantuistí a bpáistí agus a ngarpháistí ag baint úsáid nádúrtha muiníneach as a gcuid Gaeilge.
Comórtais lena n-áirítear: Aithris Filíochta, Comhrá, Scoláireachtaí Gaeltachta, Scrúduithe Fáinne, Ealaín, Scríbhneoireacht, Amhránaíocht thraidisiúnta agus Ceol Traidisiúnta.
Dáta na Feise: 24 Bealtaine 2026
Spriocdháta na n-iontrálacha Dé Céadaoin 22 Aibreán
Arna eagrú ag: Conradh na Gaeilge Charn Tóchair agus Coiste Fobartha Charn Tóchair
Léigh na rialacha agus treoirlínte thíos le do thoil:
Feis Charn Tóchair 2026 – Lámhleabhar Béarla
Feis Charn Tóchair 2026 – Lámhleabhar Gaeilge
Aithris filíochta: Is gnách leis na múinteoirí na dánta a chleachtadh leis na pásití ar scoil roimh an Fheis. Tá taifeadtaí agus físeáin de chuid acu de na dánta ar fáil ar ár gcainéal You Tube – Feis Charn Tóchair – YouTube Fiafraigh de mhúinteoir do pháiste cé acu de na dánta a bheas á dhéanamh ag an rang.
Cliceáil ar an nasc thíos le liosta iomlán de na ndánta sa chatagóir chuí a aimsiú.
Rogha na nDánta do Bhunscoileanna Béarla
Rogha na nDánta do Ghaelscoileanna
Rogha na nDánta do Mheánscoileanna
Leagan amach agus liosta ceisteanna – COMÓRTAS AN FHÁINNE
(TABHAIR DO D’AIRE GO BHFUIL COMÓRTAS AN FHÁINNE DO PHÁISTÍ MEÁNSCOILE AGUS DAOINE FÁSTA AMHÁIN)
Comórtas Ealaíne
Léigh na nótaí cuí a bhaineann le hiontrálacha ealaíne i Rialacha & Treoirlínte:
Téamaí Ealaíne
Rogha oscailte ag gach aoisghrúpa.
TREOIR MAIDIR LE ÁIRITHINTÍ:
Bí cinnte, ainm do pháiste, ainm na scoile agus rang do pháiste a chur isteach.
Roghnaigh ticéidí do na comórtais ar mhaith leo a chur isteach orthu.
Tá an imeacht seo maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Comhairle Lár Uladh.
- 1Roghnaigh ticéad
- 2Rannpháirtithe
- 3Íocaíocht
- 4Deimhniú
Cuir ticéid / iontrálacha ar leith in áirithe do gach páiste
Cuir ticéid / iontrálacha ar leith in áirithe do gach páiste
Cuir ticéid in áirithe do gach comórtas / iontráil do gach páiste Téamaí: Naíscoil - Rogha Oscailte Rang 1 - Rang 7 - Rogha Oscailte Bliain 8 - Bliain 14 - Rogha Oscailte Bí cinnte gur i nGaeilge amháin a bheas aon obair scríofa. Déan cinnte go bhfuil na hiontrálacha déanta ar leathanach páipéir nach bhfuil níos mó ná A3. Please ensure the following information is clearly marked on the back of each picture. Name School Class Contact phone number Please send Art entries to An Carn on or before Wednesday 22nd April
Cuir ticéid / iontrálacha ar leith in áirithe do gach páiste Ní mór de na hamhráin a bheith i nGaeilge
Tá an comórtás scríbhneoireachta saor in aisce Gearrscéal, alt nuachtáin nó dialann idir 150 focail agus 500 focail. <br>Glactar le hobair lámhscríofa ag leibhéal bunscoile. Ag leibhéal na meánscoile caithfidh na píosaí a bheith clóbhuailte le spásáil dhúbailte idir na línte.
Ní féidir ach dán amháin an dalta a chur isteach don rannóg seo. Téama: rogha oscailte. Ní mór don dán a bheith i nGaeilge. Glactar le dánta lámhscríofa ag leibhéal bunscoile. Ní mór trí véarsa a bheith ann ar a laghad. Ag leibhéal meánscoile: Caithfidh na píosaí a bheith clóbhuailte le spásáil dhúbailte idir na línte. Ní mór ceithre véarsa ar a laghad a bheith ann. Spriocdháta iontrála:<br>Bunscoil: Dé Céadaoin 22 Aibreán Meánscoil: Dé Céadaoin 22 Aibreán
Beidh páirtscoláireachtaí ar fáil sa chomórtas seo*. Tá scrudú béil le déanamh do comórtas scolaireachta.
Cúpla Focal Mífhóirsteanach do dhaltaí Bunscoile/Gaelscoile. Fóirsteanach do dhaltaí ar bhunscoileanna/mheánscoileanna Béarla
Silver Fáinne Suitable for children Bunscoil / Gaelscoil in Rang 5+ Suitable for children attending English Medium Primary & Secondary School
Dáta
- Beal 24 2026
Costas
- £2.50
Láthair
An Carn
-
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org
Eagraí
-
An Carn
-
Guthán
02879549978 -
Ríomhphost
info@ancarn.org