Feis Charn Tóchair 2024

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Feis Charn Tóchair 2024

Ceiliúradh ar chultúr agus athbheochan na Gaeilge i gCo. Dhoire.

Is imeacht teaghlaigh speisialta í, Feis Charn Tóchair atá mar bhuaicphointe na bliana i bpobal na Gaeilge. Le linn na Feise, bíonn deis ag an t-aos óg ó Charn Tóchair agus an ceantair máguaird, a scileanna labhartha na Gaeilge agus buanna eile a léiriú. Is deis iontach í do thuismitheoirí, á bpáiste a fheiceáil agus a chloisteáil ag labhairt i nGaeilge chomh maith le pobal na Gaeilge ina bhfuil siad páirte de a mhothú.

Tá réimse leathán comórtais fóirsteanach do gach leibhéal, Naíscoil, Gaelscoil, Bunscoil Béarla, Meánscoil Béarla agus Gaelcholáiste san áireamh.

Is iad na comórtais, Aithris filíochta, Comhrá, Scoláireacht, Fáinne, Ealaín, Scríbhneoireacht, Amhránaíocht Thraidisiúnta, Comórtas Ceol Traidisiúnta.

Beidh an Fheis ann Dé Sathairn 4 Bealtaine 2024

Ní mór do gach iontráil a bheith curtha isteach faoin Déardaoin 25 Aibreán

Seo le deis a thabhairt an clár ama fá choinne Lá na Feise a dhearadh.

Beidh clár ama na feise seolta chuig gach iontrálaí trí r-phost.

Eagraithe ag: Conradh na Gaeilge Charn Tóchair

 

 

Feis_Charn_Tóchair_2024_-_Lámhleabhar_Leagan_Gaeilge[1]

Feis Charn Tóchair 2024 – Lámhleabhar Leagan Béarla

 

Léigh na rialacha agus treorlínte do gach comórtas ar an nasc ar lean, le do thoil:

Aithris filíochta: De ghnáth, bíonn na dánta a theagasc ag múinteoirí do pháistí sa tseomra ranga sna seachtainí roimh na feise, áfach anois tá taifeadtaí agus físeáin de na dánta ar fáil ar ár gcainéal You Tube. Feis Charn Tóchair – YouTube Bí i dteagmháil le muinteoir an rang le fháil amach cén dán a bhfuil siad ag cleachtadh

Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, le haghaidh liosta iomlán na ndánta don chatagóir atá de dhíth.

Rogha na nDánta do Bhunscoileanna Béarla

Rogha na nDánta do Ghaelscoileanna

Rogha na nDánta do Mheánscoileanna

 

Leagan amachan chomórtas agus liosta ceisteanna COMÓRTAS AN FHÁINNE

 

Comórtas Ealaíne

Léigh an cuid nótaí den chaipéis Rialacha & Treoirlínte le haghaidh na riachtanas d’iontrálacha ealaíne:

Téamaí:

Naíscoil: Rogha Oscailte

Rang 1 / P1 – Rang 7 /P7 = Rogha oscailte

Year 8 – Year 14 =Rogha Oscailte

 

TREOIR MAIDIR LE ÁIRITHINTÍ:

Déan cinnte, ainm do pháiste a chur isteach chomh maith le cén scoil ina bhfuil siad agus cén rang.

Rognaigh ticéid na gcomórtas gur mhaith leo cuir isteach air.

 

 

Dáta

Beal 04 2024
Expired!

Costas

£2.50

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code