
Dúchas sa Cheol
Dúchas sa Cheol: Léacht & ceol ar logainmneacha le Lauren Ní Néill & Bláithín Mhic Cana.
Thosaigh Lauren ag obair ar an tionscadal ‘Ár Logainmneacha’ le Conradh na Gaeilge sa bhliain 2021, tionscadal a thugann deis do dhaoine níos mó a fhoghlaim faoi logainmneacha agus faoin Ghaeilge trí cheardlanna, sraith phodchraolta agus sraith fhíseáin.
I rith na hoibre seo thosaigh sí ag déanamh a machnaimh ar na logainmneacha agus iad luaite inár gceol traidisiúnta, agus is ón obair seo a thosaigh sí ag seinm leis an sár-amhránaí, Bláithín Mhic Cana.
Dátheangach.
Am: 7.30pm
An Coire
Costas: Saor in aisce
