
Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta.
Dianchúrsa Gaeilge
Le linn an chúrsa aon lae seo, beidh 5 leibhéal ar fáil, ag freastal ar gach cumas gaeilgeora ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa. Is deis iontach é an cúrsa aon lae seo, ní amháin le blaiseadh a thabhairt do na daoine siúd atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim le tamall anuas ach do dhaoine ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, chomh maith.
Bunrang: Aisling Nic Íomhair
Meánrang Íochtarach: Gráinne Ní Chatháin
Meánrang Uachtarach: Pól Mac Giolla Eoin
Ardrang: Fearghal Mag Uiginn
Cruinneas*: Gearóid Ó Domagáin
*Tá an cúrsa seo trí Ghaeilge agus dírithe ar ghramadach na Gaeilge amháin.
Am: 10am – 3pm
Costas: £20 (lón san áireamh)
Líon teoranta áiteanna. Ní mór áiteanna a chur in áirithe faoin Chéadaoin 5 Iúil. Ní cheadófar clárúcháin ar maidin an chúrsa.
